“Clic” le Réaltáin Ní Leannáin: Buaiteoir an Chomórtais.

Clic

‘A Lára! Yú-hú! A Lára!’ Thiontaigh Lára de gheit. Tháinig mionna beag aisti faoina hanáil. Nárbh amaideach an mhaise é a chreidbheáil go bhféadfadh sí tráthnóna a chaitheamh i lár na cathrach i mBéal Feirste gan castáil ar dhuine ar bith a mbeadh aithne acu uirthi. Ní cathair a bhí i mBéal Feirste, a chuimhnigh sí rómhall, ach cnuasach de bhailte beaga, paróistí. Agus bhí bean den bhaile dúchais aici féin i ndiaidh í a aimsiú. ‘Tú féin atá ann, cinnte! ‘Bhfuil a fhios agat, is fada ó chonaic mé thú go deireanach! Seo, lig domh amharc ort i gceart!’

D’fhan Lára gur scrúdaigh a hAintín Rita í, á coinneáil de ghreim láimhe agus ag breathnú uirthi ó bhun go barr. Lára, sna luath tríochaidí, gruaig dhubh teannta siar ina téad tanaí fada síos a droim. Jeans agus seaicéad leathair thar chnámha loma, rucsac beag caite thar a gualainn. Súile gorma, súile cúramacha.

Thug Lára í féin faoi deara sna hathruithe ina haintín ó chonaic sí í go deireanach trí bliana ó shin. Deirfiúr a hathara, nár mhair. Gruaig airgeadta ar fad ar fad aici anois, gan dathú, ach gearrtha go tarrantach, maisitheach. Togha de chuid Marks ‘n’ Sparks don bhean atá ag an aois áirithe sin. Cúpla roc sa bhreis thart ar na súile. Súile oscailte, siosmaideacha.

‘Chan insíonn tú d’éinne nuair atá tú ag teacht go Béal Feirste! Chan fheicimid thú riamh!’
‘Bhí jab agam aréir, a Aintí. Ceolchoirm thuas ag Stormont. Tá mé díreach ag fútaráil thart fán bhaile mhór sula bhfaighidh mé an bus ar ais go Baile Átha Cliath.’ ‘Bus? Muise, tá sin togha. Nach bhfuil ceann acu ag imeacht go Baile Átha Cliath gach uair féin den chlog. Beidh tú in inmhe aon cheann acu sin a thógail, mar sin, is cuma cén t-am.’

Lig Lára gnúsacht os íseal. Cén fáth ar fhreagair sí ‘bus’ don cheist? Cén fáth nár dhúirt sí ‘traein’? D’fhág an traein deireanach Béal Feirste go luath, chun seans a thabhairt do na tuaisceartaigh dhílse a bhí ag obair uirthi pilleadh ar ais aníos as tír na bpágánach in am tráth.

‘Ach beidh seans againn labhairt ar an bhealach amach chuig an ospidéal. Anois go bhfuil tú anseo, bí liom ar cuairt chuig d’Uncail Pat thuas ansin, san Áit.’

Stop Lára chomh scioptha sin go raibh a haintín cúpla coiscéim chun tosaigh sular thuig sí nach raibh a neacht ag teacht léi. ‘Cén áit?’ arsa Lára. ‘Tá a fhios agat, an Áit. An tIonad Ailse in Ospidéal na Cathrach. Níl mórán ama fágtha ag d’uncail, ar ndóigh. Tapaidh an deis chun é a fheiceáil, a chroí, mar ní bhfaighidh tú seans eile, déarfainn.’ ‘Ní raibh a fhios agam. Ní bhím i dteagmháil chomh minic sin. Ní raibh – , dá mbeadh – ‘

Stop sí, trína chéile. Shíl Áintí Rita gur buaireamh bhí ann, agus chuir sí lámh thar ghualainn Lára. ‘Ná bac le “dá”. Beidh aiféala ort muna bhfágfaidh tú slán aige, bíodh a fhios agat.’ ‘Ach, a Aintí Rita, caithfidh mé –‘ ‘No, ní chaithfidh tú ar chor ar bith. Bheadh an oiread ama caite againn thar chupán caife, cibé ar bith. Gheobhaidh muid bus amach ó chúl Boots. Gaibhte, a Lára, déan é. Mothóidh tú níos fearr ina dhiaidh.’

Chuir Lára cos doicheallach síos roimpi, ansin cos doicheallach eile. Rinne sí iarracht cuma na spéise a chur uirthi féin fhad is gur lean Áintí Rita ag geabadóireacht, á coinneáil suas chun dáta ar a col ceathraracha. Greim láimhe ag Rita uirthi, mar a bheadh máthair agus páiste ann. Greim daingean láimhe.

Níor thóg an bus ann i bhfad ar chor ar bith. Chuaigh siad thar chiumhaiseanna a bhí glas-bán-agus-órga, agus ansin d’athraigh siad go tobann chuig dearg-bán-agus-gorm. Comharthaí sóirt na dtréibheanna. Bhí rudaí nár athraigh riamh san áit seo. B’shin ceann de na fáthanna a bhfuair sí amach as an chathair chéanna chomh luath agus ab fhéidir. B’fhusa bheith gan ainm i mBaile Átha Cliath, níb éasca saol as an nua a chruthú.

Shroich siad an Áit. Fámaire mór míofar, déantús de ghloine agus stroighin, a rinne gearán leis an ghaoth. Nuathógtha, i lár sheanfhoirgnimh láib-rua eile an ospidéil. Bhí dealbh cré-umha de bhean os a comhair amach, gúna fada agus boinéad uirthi. Í ina rith. Shíl Lára go raibh gach cosúlacht ar an bhean chré-umha gur ag téitheadh ón áit a bhí sí. B’fhéidir gur lonnaigh siad an bealach contráilte í. Ach thuig sí di. Shiúil siad thar an dealbh agus isteach an doras mór gloine. Thug Rita aghaidh ar chúl an halla mhóir, chuig siopa beag féiríní sa choirneál. Cheannaigh sí dhá nuachtán ansin, an ‘Irish News’ agus an ‘Daily Mail’, le tabhairt léi suas staighre chuig an othar.

Áit spleodrach a bhí ann, mar Ionad Ailse, rud a chuir iontas ar Lára. Bheannaigh baill den fhoireann do Rita agus iad ag déanamh ar an ardaitheoir. Bhí plandaí agus pictiúirí ann, agus cúpla tolg mór bog. Gach iarracht déanta le compord a chruthú.

D’fhan siad ar an ardaitheoir, ar an chairpéad liath. Ardaitheoir ollmhór, nuair a d’oscail na doirse rompu sa deireadh. Bhrúigh giolla ospidéil othar i gcathaoir rotha amach, an bheirt acu ag trácht ar an chluiche peile idir Arsenal agus Barca aréir. Sheas an bheirt bhan isteach san ardaitheoir, agus nuair a d’oscail na doirse ar an dara hurlár ní raibh aon chairpéad sa phasáiste, ach lino, agus bhí boladh frithtsheiptigh ar fud na háite.

Shiúil siad síos an pasáiste, gach beannú agus ‘Mora dhuit’ óna haintín Rita le foireann agus le hothair sna taobhsheomraí araon ar an bhealach. ‘Tá aithne acu ar fad orm. Creidim gur mise is mó a thugann cuairt air, mar d’uncail Pat,’ a dúirt a haintín, ag cóiriú a ribí liatha. ‘Níor phós sé ariamh, ar ndóigh, chan ionann agus mé féin agus d’athair, Séimí, go ndéana Dia grásta air.’ Thost sí ar feadh soicind. ‘Agus nuair a gheobhas sé féin bás, rud a tharlóidh ar ball beag … ní bheidh fágtha ach mé féin.’

Stop sí ag doras oscailte an tseomra. Bhreathnaigh Lára uirthi, á déanamh réidh ina hintinn le dul isteach. Chonaic sí an creathadh beag i lámh Rita agus í ag brú ar an doras. Bhí lámha Lára ina pócaí, i bhfolach.

Bhí sé ina luí ar an leaba, beagnach do-aitheanta. Feoite, meaite ag an ghalar. Ba chuimhin léi na súile sin, áfach, fiú dá mba shúile anois iad a thiontaigh idir faoiseamh ó na drugaí, de réir mar a bhuail an móirfín a chóras in urchair bheaga, agus ansin pian, de réir mar a d’ídigh an móirfín sa chorp arís. Bhí greim an fhir bháite aige ar clicker beag ina lámh dheas. Bhí a chraiceann tirim, liath pollta ag an line caiteitéir a cheangail a sciathán leis an diltálaire. Ní raibh sí in inmhe mórán de a fheiceáil seachas na súile.. Bhí masc oicsigéin teannta thar an chuid eile dá aghaidh.

Chuaigh a hintinn siar chuig a hóige agus chonaic sí na súile sin sáite inti. Gorm, fuar. Bhíodh folt fada catach gruaige air an t-am udaí, cuid d’éide an cheoltóra traidisiúnta sna seachtóidí. Chan an liath fíneáilte seo. Bhí sé níb óige an t-am sin, agus níba láidre. I bhfad níba láidre.

Tháinig sí ar ais chuici féin, chuig an mhóimint seo. Bhí Rita ag geabaireacht léi, í ina suí ar an chathaoir uilinn taobh na leapa. Leag Lára na nuachtáin ar an chófra taobh leis an leaba agus thóg sí cathaoir phlaisteach oráiste a bhí taobh thiar de Rita. Bhrúigh sí an chathaoir siar píosa i dtreo an bhalla. Rinne na cosa screadaíl ar an lino. ‘ – agus ba bheag nár chreid mé na súile nuair a chonaic mé Lára ag spaisteoireacht síos Royal Avenue! Dúirt mé léi ansin féin ar an tsráid go raibh sí ag teacht liom anseo, díreach. Tá lúcháir uirthi tú a fheiceáil, a Phat. Nach bhfuil, a Lára?’

Sméid Lára a ceann, gan macnamh, a súile siúd dírithe ar na súile gorma os cionn an mhasca oicsigéin. Stop Rita den chaint ar feadh cúpla soicind, ag súil le comhrá ó Lára, ach níor dhúirt Lára aon rud. Níorbh fhéidir leis na focail theacht. Thosaigh Rita a inse scéal faoina mac, Brian – col ceathrar Lára – agus an bronnadh céime a bhí le bheith ann roimh i bhfad … nó an bhfuair sé geallta? Ní raibh Lára ag tabhairt airde uirthi. Shuigh Lára siar sa chathaoir oráiste, ag coinneáil súil airsean ag coinneáil súil uirthise ón taobh eile den mhasc. Lean Rita léi. Ní cóisir a bheadh acu féin don lanúin óg, i ndáiríre, ba chosúla le dinnéar mór teaghlaigh é, i mbialann nua a bhí i mbéal an phobail. Ina dhiaidh sin, bheadh an ghlúin níos sine ag gabháil chun an bhaile agus bheadh cead a gcinn ag an dream óg gabháil ag partyáil nó ag clubbáil nó cibé caidé a thug siad air. Chaithfeadh Lára bheith ann.

D’amharc Lára ar ordóg a huncail ag brú an chnaipe ar an clicker. Uair amháin. Arís. Agus arís eile. Bheadh an dós réamhshocruithe, ar ndóigh, sa dóigh is nach bhféadfadh sé ródháileadh a dhéanamh. Ní raibh aon chontúirt ann go dtitfeadh sé isteach i gcóma móirfíne, nó go dteipfeadh air anáil a tharraingt. Ní bheadh aon seans aige sleamhnú amach as an saol go síochánta sóúil go fóill beag. Luigh sé ansin, ag amharc ar Lára. Gan puinn le braithstin ina shúile.

‘Cheannaigh mé nuachtáin an lae inniu duit chomh maith, ón siopa thíos staighre. An léifidh mé tríd na fógraí báis duit?’ arsa Rita, ag caitheamh súil síos an liosta ainmneacha ar an leathanach cuí. ‘Heaney, Gerard. Bhíodh an siopa grósaera acu siúd thíos uainne, ar an choirnéal. D’imríodh seisean iomáint le Daidí, nach n-imríodh, a Phat? Níor chuala mé go raibh sé tinn ar chor ar bith. Peacefully at home. Tá sin go hálainn. Ó, amharc ar an cheann seo, tá Miss O’Cleary-Clarke marbh. An cuimhin leat í, múinteoir i mbunscoil agamsa a bhí inti? P4 an rang a bhíodh aici, nuair a bhí sí agam féin. Bhí mé ocht mbliain d’aois. Bhí sí in Áras an Seandaoine in Ard na bhFeá ag an deireadh, an créatúr. Cosc ar bhlátha, a deir sé. Síntiúis airgid chuig na Medical Missionaries of Mary ina n-áit siúd. Níl a fhios agam, an mbíodh deirfiúr aici ina bean rialta thall ar na misiúin? Tá sé iontach brónach, nach bhfuil, mar a thagann deireadh le teaghlaigh mar sin. Ní raibh ach an bheirt acu ann. Caithfidh go bhfuil siad á cur i mBaile Haine, tá an t-aifreann amuigh sa seipéal ansin. Caithfidh mé bualadh suas chuige, más féidir liom. Tá cúpla duine tuillte aici theacht chuig an tórramh, go ndéana Dia grásta uirthi, an bhean bhocht. Níl mórán den ghlúin sin fágtha anois.’

Lig Rita dordán íseal ceoil uaithi le linn di súil a chaitheamh síos an chuid eile den liosta báis, ach ba léir nár mheas sí mórán eile acu bheith suimiúil go leor do Phat, ina luí sa leaba. D’fhág sí an nuachtán ar an leaba agus sheas sí. Thosaigh Lára a dh’éirí chomh maith ach brúdh síos ina suí arís í.

‘Níl mé ach ag gabháil a labhairt leis na haltraí anseo ar feadh cúpla bomaite. Labhair le d’Uncail Pat anois. Sin an cailín maith, a Lára.’

D’fhéach Lára anonn air. ‘Sin an cailín maith.’ Ba ghnath leis é sin a rá léi nuair a bhí sé réidh. Bhreathnaigh sí thart uirthi féin. Riachtanaisí ospidéil amháin a bhí sa seomra seo. Ní raibh aon phictiúr ná cairpéad anseo. Gan aon chur i gcéill ná dóchas.

Stán sí ar na seanmhéara sobhriste, ar creathadh mar a rinne siad streachailt an cnaipe ar an clicker a bhrú, na súile gorma beo leis an phian. Mhothaigh sí banda thart ar a brollach, teann, ag brú a hanála amach aisti. I ndiaidh an ama seo ar fad bhí an éifeacht sin aige uirthi go fóill. Ach ansin mhothaigh sí fearg ag éirí aníos as a bolg, fearg a bhí ina codladh le blianta fada anois, fearg go raibh sé in ann an smacht seo a oibriú uirthi i dtólamh, le spléachadh amháin ina treo. Chroith sí a ceann. Inniu ní imreodh sí an cluiche seo, mar a bheadh coinín inti, gafa ag soilse san oíche.

Shiúil sí trasna chuig doras an tseomra agus dhruid sí é. Ag pilleadh ar an leaba, shuigh sí sa chathaoir uilinn a raibh a hAintí Rita istigh ann cúpla soicind ó shin, á tiompú sa dóigh is go raibh a chúl leis an doras. Go mear, chrom sí chuig a huncail agus sciob sí an clicker óna lámh. Tháinig sceon ina chuid súl. D’oscail Lára a rucsac. Thóg sí sparán beag plaisteach amach as póca sa mhála, a bhí lán uirlisí ón jab fuaime ag an cheolchoirm aréir, amuigh ag Stormont. Bhí raon leathan de scriúirí beaga bídeacha ann. Bhain sí an scriú de chúl an clicker agus bhain an clúdach de. Mheas sí é. Bhí an mheicníocht simplí go leor. Bheadh sé éasca an dós a athrú. Casadh beag amháin ansin.

D’amharc sí ar a aghaidh arís. Thuig sé go maith cén mheasúnú a bhí sí ag déanamh. Ní raibh sé chomh hard sin ar an mhóirfín is nár aithin sé é sin. D’oscail sí a béal, chun a inse dó cén bharúil a bhí aici air, don chéad uair ariamh ina saol. Ach níor tháinig na focail amach. Dhún sí a beola arís go teann. Agus dhruid sí an clicker gan aon athrú a dhéanamh. Sméid sí a ceann ionsair agus leag sí an uirlis bheag ar ais ina lámh, a ordóg ag cuardach an chnaipe go fuadrach. Karma. Ní thabharfadh sí an bealach éasca dó. Déanadh leigheas a linne an bás a choinneáil amach uaidh ar feadh píosa eile. Agus an phian a fhaidiú.

‘Gach rud maith go leor anseo?’ Shac altra a cloigeann isteach an doras. ‘Fágfaidh mé an doras ar oscailt, munar miste leat? Bíonn sé níos éasca súil a choinneáil air, mar sin?’ ‘Cinnte,’ a d’fhreagair Lára, ag cromadh thar uileann na cathaoire chun aoibh a mhalartú leis an altra. ‘Beidh orainn féin imeacht roimh i bhfad, cibé ar bith.’

D’fhill Aintí Rita, a sálaí ag cliceáil is ag clatráil síos an pasáiste roimpi. ‘Ó, maith thú, a Lára, bhí tú ag caint leis. An raibh comhrá deas agaibh le chéile? A Phat, caithfimid imeacht anois, a chroí. Buailfidh mé isteach arís chugat arú amárach.’

Rinne siad a mbealach amach chun na sráide, Aintí Rita ag trácht ar an chóisir gealltanais a bheadh acu do Bhrian, chaithfeadh Lára teacht chuige, an dáta seo, an áit siúd. Lára ag aontú léi go gcaithfeadh sí theacht. Cén dochar? Ní bheadh sí ann, ar ndóigh, ach d’fhéadfadh sí leithscéal a chur trí ríomhphost chucu níos moille. Bhí sí ag gabháil ar ais go Baile Átha Cliath an oíche sin cibé ar bith. Ar an bhus.

“El supermercado del Sur” le Éilis Nic Aodhagáin

Thóg an bhean ghalánta a guthán póca amach as a mála láimhe dearthóra, agus í ag osnaíl is ag eascainí faoina hanáil.
‘Haigh Derek, ní chreidfidh tú é seo – chuaigh mé isteach go Tesco i nDún Droma ar an mbealach abhaile chun rud éicint a cheannach don dinnéar, agus anois táim faoi ghlas ann… ’Sea, tá glas ar na doirse uilig… Tá’s a’am… Níl a fhios a’am cén t-am a bheas an dinnéar réidh agam duit, beidh ort fanacht… Níl a fhios a’am Derek. Cuirfidh mé glaoch ort agus mé ar an mbealach abhaile…Slán.’
Chuir sí an guthán ar ais ina mála agus lig sí osna eile uaithi.

Bhreathnaigh ógfhear na culaithe duibhe ar a uaireadóir. Thóg sé amach a ríomhaire glúine agus shuigh sé síos ar a mhála cáipéisí. Bhí ualach oibre le déanamh aige an oíche sin agus ní fhéadfadh sé nóiméad a chur amú. Chuir sé a chluasáin air agus, le ceol The Rolling Stones á sheinm tríothu, rinne sé dearmad gur in ollmhargadh a bhí sé seachas san oifig nó ina sheomra suí sa bhaile.

Shiúil an tseanlánúin phósta sall chuig an seastán nuachtáin. Thóg an tseanbhean The Irish Independent anuas ón tseilf agus thug sí cóip den iris The Irish Garden dá fear céile. Shuigh siad síos go sona sásta ar bhinse in aice an tseastáin. ‘Nach bhfuil sé seo exciting, a Sheáin?’ ‘Hea?’ ‘Beidh scéal le n-inseacht anois agam nuair a bhuailfeas mé le mo chairde Dé hAoine.’ ‘Beidh.’ ‘Meastú an bhfuil muid á gcur ar fuascailt acu?’ ‘Bíodh ciall agat, a Bhríd.’ ‘Ní bheadh a fhios a’at. D’fhéadfadh rud ar bith a tharlú sa gcathair seo. B’fhéidir go bhfuil leithéidí Nidge agus Fran taobh thiar de.’ ‘Cuir srian ar do shamhlaíocht a bhean. Nach dtuigeann tú gur cumadóireacht atá sa diabhal Love / Hate sin.’ ‘Bhuel tuige a bhfuil muid faoi ghlas i dTescos mar sin, hea?’ ‘Dheamhan a fhios agam. Fadhbanna teicniúla leis an gcórás slándála, b’fhéidir. Beidh sé deisithe acu sár i bhfad, fan go bhfeicfidh tú.’

Chaolaigh beirt ghasúr scoile isteach i dtaobhroinn na milseán. Nuair a bhí siad cinnte nach raibh duine ar bith ag breathnú orthu, sciob siad cúpla paicéad milseán agus barra seacláide. Shleamhnaigh amach arís, cuma na soineantachta orthu. ‘Cuir i do mhála scoile iad,’ arsa an buachaill lena dheirfiúr, ‘ní thabharfaidh éinne faoi deara é – tá siad uilig sáite ina gcúrsaí féin.’

Tharraing lapadán linbh ar mhuinchille a mháthar. ‘Caithfidh mé mo phí-pí a dhéanamh!’ ‘Tuigim duit a stóirín, ach ní féidir é a dhéanamh anseo san ollmhargadh. Beidh ort fanacht cúpla nóiméad eile. Ceart go leor?’

Bhuail guthán na mná galánta arís.
‘Táim fós anseo, Derek. Faigh take-away nó rud éicint… Is cuma… Is cosúil go mbeidh mé anseo ar feadh scaithimh… Slán go fóill.’
Bhreathnaigh sí ar fhear an ríomhaire. ‘Cén fáth nár thóg mé an iPad liom inniu?’ Bhí leisce uirthi an t-idirlíon a úsáid ar a guthán mar bhí an ceallra beagnach as lucht agus theastaigh uaithi é a choinneáil chun glaoch a chur ar a páirtí agus í ar an mbealach abhaile. ‘B’fhéidir go bhfuil leabhar éicint ar fáil anseo a bhféadfainn é a léamh.’ Ar aghaidh léi chun an scéal a fhiosrú – Cheryl: My Story… Girl with the Dragon Tattoo… Jamie’s 15-Minute Meals… (chuir sé sin i gcuimhne di go raibh ocras uirthi)… The Stranger’s Child… The Impossible Dead. Níor chuir sí spéis i gceann ar bith acu siúd. Is ansin a tháinig Fifty Shades of Grey faoina súil. Bhí fonn uirthi an leabhar sin a léamh ó foilsíodh é, ach bhíodh Derek ag caitheamh anuas air. Mar sin níor léigh. Ní raibh aithne aici ar aon duine san ollmhargadh áfach – d’fhéadfadh sí tús a chur leis i ngan fhios do Derek. D’oscail sí an chéad leathanach. Bhí sí gafa i ngreim aige láithreach.

‘Táim ag pléascadh, a Mhama! Ní féidir liom é a choinneáil isteach níos mó! Caithfidh mé mo phí-pí a dhéanamh ANOIS!’ ‘Tá’s a’am go bhfuil leatra ort a stóirín. Fan go bhfeicfidh muid an bhfuil an leithreas foirne ar oscailt.’
Ní raibh.
Ní raibh an dara rogha ag an máthair bhocht – thóg sí amach an t-áraisín fuail ó bhun an bhugaí, agus chuir ar an urlár é. Tharraing an leaidín óg anuas a threabhsar agus rinne a mhún i lár Tesco.

‘An bhfaca tú é sin a Sheáin? Lig an ógbhean ghránna sin dá mac a fhual a dhéanamh i lár an ollmhargaidh.’ ‘Hea?’ ‘Nach bhfaca tú é?’ ‘Ní fhaca.’ ‘Níl meas ná béasacht ag aos óg an lae inniu.’ ‘Céard ar cheart di a dhéanamh?’ ‘Níl a fhios a’am, ach d’fhéadfadh sí bheith discréideach faoi ar a laghad. Cuireann sé sin déistin orm, a Sheáin. An bhfuil tú ag éisteacht liom?’ ‘Tá.’ ‘Cuireann sé sin uafás agus déistin orm. Níl meas ná béasacht ag an aos óg, adeirim!’

D’imigh an t-am go mall. B’ionann nóiméad laistigh de Tesco agus uair an chloig lasmuigh. Ní raibh tásc ná tuairisc ar na fir slándála. D’éirigh na príosúnaigh mífhoighneach. Chuir siad fios ar na Gardaí agus dúirt siad go dtiocfaidís ar ball. Ach níor tháinig. Thit an oíche, agus thit na geimhligh ina gcodladh léi – ina nduine is ina nduine – nó go raibh ógfhear na culaithe duibhe fágtha ina aonar. D’aimsigh sé lasca na soilse agus mhúch iad. Bhí an t-ollmhargadh dubh dorcha. Las sé solas amháin – dhéanfadh sé sin cúis. Thóg sé bacóg cótaí ón taobhroinn éadaigh, chuartaigh coirnéal ciúin dó féin, agus thit a chodladh air i measc na gcótaí.

Dhúisigh sé de phreab i lár na hoíche.
D’airigh sé duine taobh leis.
Lig sé béic as.
‘Cé atá ann?’ ar sé go fuascrach, ach leagadh méar ar a bheola a chuir stad lena chuid cainte. An bhean ghalánta a bhí ann.
‘Fuist, ná bíodh imní ort. An féidir liom codladh anseo taobh leat? Bhí tromluí agam, agus anois tá an áit seo ag cur faitís orm.’
Mhothaigh an t-ógfhear trua don bhean ghalánta agus lig sé di luí in aici leis.
‘Tá go maith. Luigh siar ansin agus ná bíodh eagla ort.’ Chuir sé a lámh faoina coim agus thit a codladh uirthi ar nós linbh i mbaclainn a máthar.

Nuair a dhúisigh gach duine ar maidin, bhí doirse an ollmhargaidh fós faoi ghlas. Bheartaigh an mháthair óg an grúpa a bhailiú le chéile chun cúrsaí a phlé.
‘A chairde, is cosúil nach bhfuil a fhios ag éinne tuige a bhfuil muid gafa anseo, ach má oibríonn muid le chéile, féadfaidh muid uilig teacht slán as an bhfoirgneamh seo roimh thitim na hoíche. An ritheann smaoineamh le héinne agaibh?’
An tseanbhean a labhair i dtosach, ‘Ar chuir duine ar bith fios ar na seirbhísí éigeandála?’
‘Chuir,’ arsa an t-ógfhear, ‘agus dúirt siad go raibh siad ag déanamh a seacht ndícheall an fhadhb a réiteach.’
‘Níl rud ar bith le déanamh, mar sin, ach fanacht orthu,’ arsa an seanfhear.
‘Nach bhféadfadh muid fuinneog a bhriseadh nó rud éicint?’ arsa an bhean ghalánta.
‘Tá siad ró-ard…agus níl dréimire againn,’ arsa an t-ógfhear.
‘Táim stiúgtha leis an ocras,’ arsa gadaí na milseán.
‘Tá ocras orainn uilig,’ arsa an bhean ghalánta, ‘agus níor cheart go mbeadh – nach in ollmhargadh atá muid? Tá bia thart timpeall orainn.’
‘Beidh bricfeasta againn mar sin,’ arsa an mháthair óg, ‘agus mothóidh muid níos fearr ina dhiaidh.’

Chaith an grúpa an lá ag cur aithne ar a chéile. Níor tarrtháladh ón ollmhargadh iad, ach d’aontaigh siad lena chéile go bhféadfaí an scéal a bheith ní ba mheasa. Ar a laghad, bhí neart bia agus dí acu agus ní raibh an áit ró-fhuar. Ach nuair a thit an oíche arís, thosaigh an cailín scoile ag gol.
‘Airím uaim mo mháthair,’ a chaoin sí, ‘níl uaim ach barróg uaithi.’
‘Rachaidh muid abhaile amárach,’ a chomhfhortaigh a deartháir, ‘ach caithfidh muid fanacht anseo oíche amháin eile.’
Chuala an mháthair óg comhrá na ngasúr agus chuaigh sí sall chucu.
‘Gabh i leith, a stór,’ ar sí leis an gcailín liobarnach, ‘fan linn anocht agus tabharfaidh mé aire daoibh. Ar mhaith leat scéilín a chloisteáil?’
Thriomaigh an cailín na deora óna súile agus óna smig le muinchille a geansaí scoile, agus sméid sí a ceann ar an máthair óg.
‘Bhí fear ann fadó agus fadó a bhí…’ ar sí.
Bhí clann nua na máthar óige ina suí ina hucht aici, agus iad faoi dhraíocht ag an scéal láithreach. Bhí a mac féin ina chodladh go sámh sa bhugaí cheana.

Ní go sámh a chodail an tseanbhean an oíche sin áfach. ‘Tá pian i mo dhroim agam, a Sheáin. Tá an t-urlár róchrua. Táim róshean don tseafóid seo.’ ‘Caithfidh tú cur suas leis, a Bhríd. Níl aon dul as.’ ‘Ó níl a fhios a’am cén fáth ar oscail mé mo bhéal ar chor ar bith – ní bhíonn trua agat riamh dom.’

Bhí Fifty Shades of Grey críochnaithe ag an mbean ghalánta faoin am seo, agus mhothaigh ina bean fhuascailte. Thaitin gráín na hoíche roimh ré léi, ach níor leor sin.
‘B’fhéidir go bhfaighidh mé bás i dTesco agus nach mbeidh deis agam luí le fear riamh arís,’ a rith léi. ‘Caithfidh mé luí le hógfhear na culaithe duibhe. Thuigfeadh Derek é…’
D’fhan sí gur múchadh na soilse. Shleamhnaigh isteach sa charn cótaí leis an ógfhear.
Phóg sí é.
Níor dhiúltaigh sé di.
Bhain sí a cuid éadaí di agus rinne siad an gníomh go ciúin, ionas nach gcloisfí iad.

Ar maidin lá arna mhárnach, níor lig na leannáin orthu go raibh rud ar bith as an ngnáth. Bhí siad i bhfad ní ba dhearfaí faoin habal an lá sin ná mar a bhí aon duine eile áfach.

D’imigh seachtain agus níor osclaíodh doirse an ollmhargaidh.

Tar éis coicíse, bhí cúrsaí dulta in anaiste. Bhí an fheoil, an t-iasc, an bainne, na glasraí agus an bia úr ar fad imithe ó mhaith, agus boladh géar ag teacht uaidh. Anuas air sin, níor aimsíodh réiteach ar fhadhb an easpa leithris, agus bhí múch ag teacht as na hárthaí a bhí lán le fearadh.

Cé gur réitigh baill an ghrúpa go maith lena chéile i dtosach, d’fhás teannas eatarthu de réir a chéile. Ar an gcéad dul síos, d’éirigh siad dúichíoch. Ghabh an tseanlánúin seilbh ar an gcoirnéal in aice leis an seastán nuachtáin, agus níor lig siad do dhuine ar bith eile dul isteach ann. Ghabh an bhean ghalánta agus ógfhear na culaithe duibhe, a bhí fós ag luí lena chéile istoíche, seilbh ar an gcoirnéal in aice leis an taobhroinn éadaí. Fágadh an mháthair óg, a mac agus an bheirt ghasúr scoile sa choirnéal a raibh na deochanna meisciúla ar fáil ann. Ní raibh an mháthair óg róshásta faoi, ach b’fhearr sin ná a bheith in aice na gcuisneoirí agus na reoiteoirí. Úsáideadh an ceathrú coirnéal mar leithreas.

Tar éis míosa, bhí an boladh san ollmhargadh dofhulaingthe. Ba í an bhean ghalánta an chéad duine a cheangail scairf thar a béal agus a srón, ach níorbh fhada go ndearna gach duine aithris uirthi. Bhí neart bia inite ar fáil san ollmhargadh fós, ach bhí an t-uisce ag éirí gann. D’éirigh daoine mímhuiníneach as a chéile, agus bhí cúis mhaith leis – bhí an tseanbhean ag goideadh buidéal uisce istoíche agus á gcur i bhfolach. Thóg sé tamall ar na daoine eile é seo a thabhairt faoi deara, ach nuair a thuig siad a raibh ag tarlú, thug siad aghaidh uirthi.
‘Tá triúr gasúr agam anseo. Má bhíonn an t-uisce gann, ba cheart dúinn é a thabhairt dóibh siúd,’ arsa an mháthair óg.
‘An ceart ar fad aici,’ arsa an t-ógfhear.
‘Tabhair an t-uisce uilig do na páistí,’ arsa an bhean ghalánta, ‘agus féadfaidh na daoine fásta na deochanna súilíneacha agus a leithéid a ól.’
‘Ba cheart dúinn pionós éicint a ghearradh ar an tseanbhean seo ionas nach ndéanfaidh sí iarracht rudaí a ghoideadh uainn arís,’ arsa an t-ógfhear.
‘An-smaoineamh,’ arsa an bhean ghalánta.
‘Lá amháin gan bia,’ a mhol an t-ógfhear, ‘an bhfuil muid ar aon intinn faoi sin?’
‘Tá,’ arsa gach duine le chéile.
Gach duine seachas an seanfhear. Bhí a fhios aige gur cheart dó a bhean a chosaint, ach ní raibh dóthain fuinnimh aige.

Gearradh an pionós ar an tseanbhean an lá dár gcionn.

An oíche sin, cailleadh í.

Ardaíodh an teannas.

Mhothaigh an seanfhear, an t-ógfhear, an bhean ghalánta agus an mháthair óg ciontach faoi bhás na seanmhná – ach bhí sé ródheireanach dó sin.

D’imigh trí lá eile.

D’éirigh na gasúir cantalach. Ní raibh siad in ann an braighdeanas a sheasamh a thuilleadh, agus chaith siad an t-am uilig ag caoineadh nó ag troid lena chéile. Ní raibh an mháthair bhocht in ann aon rud a dhéanamh chun iad a chur ar a suaimhneas arís. Chuir troideanna na ngasúr isteach go mór ar an mbeirt leannán, ach bhí uirlis éalaithe acu – gnéas. Luí siad lena chéile istoíche agus i rith an lae, gan aon iarracht é a cheilt. Rinne an seanfhear agus an mháthair óg gearán leo, ach ba chuma leis na leannáin. Rinne siad neamhaird ar an gcasaoid.

D’éirigh boladh an chamrais agus an bhia lofa ní ba bhoirbe.

Thosaigh marbhán na seanmhná ag ligint boladh bréan an bháis uaidh.

Rinneadh ainmhithe fiáine de na daoine.

Ag an nóiméad sin nuair a cheap siad go bpléascfaidís leis an bhfearg agus leis an ngoraíocht…

Osclaíodh doirse Tesco.

“Dhá Lá sa Ghleann” le Seán Ó Floinn

Beirt mhúinteoir agus fiche dalta a bhí ar bord. D’fhéach Séamus trasna ar Niamh agus a folt fionn. D’fhéach sise ar aghaidh, ar an mbóthar, a cuid nótaí ar a h-ucht. Cinneadh cheana féin go labhrófaí Gaeilge eatarthu ar feadh deiridh seachtaine. Gach lá a shiúil sí isteach, trí no ceithre fhillteán sna lámha aici, i gcoinne an bhrollaigh, thuig sé nach mbainfeadh sé míthaitneamh as an deis, ar aon nós.

Fuair siad seanchaí i halla pobail, thíos, in a shuí ar an ardán. D’fhan an tiománaí ar an mbus leis an téitheoir. D’inis an fear ar an ardán dóibh faoin saol a bhíodh aige, thar lear. Tithe tábhairne agus láithreáin tógála, uaigneas agus ól agus obair go dian. Bhí na cuairteoirí óga in ann é a thuiscint nuair a bhí sé ag caint faoi na rudaí a léigh siad sna leathanacha, ar scoil, ach, nuair a shiúil sé síos bóithríní eile nach raibh sa leabhar, thuig sé go luath go raibh sé ag cailliúint a lucht éisteachta.

Bhí an leadrán ag leathnú ina measc, cosúil le galar. Thosnaigh sé ag smaoineamh faoi rudaí nár chuir sé síos sa leabhar. An t-am a baineadh geit as i Londain, nuair a mhínigh cara ar an teileafón dá mháthair go raibh sé sa seomra leis. Bhuel, tá joint mhór á chasadh aige anois, in aice liom. Níor thuig an bhean bhocht an focal sin. Nó an cailín black a bhuail leis ar an sráid, Domhnach amháin i Nua Eabhrac, agus camán ar a ghualainn aige. Do you play hockey? Ní dhéanfadh sé dearmad riamh ar an tráthnóna sin. Cibé an scéal, ní bheadh buntáiste ar bith ann anois, dá mbeadh sé ag insint fíor-scéil, nó an fhírinne go léir. Chloífeadh sé leis an script oifigiúil. Bhí leabhar aige ar an siollabas.

Maidir leis an lóistín, bhí dhá theach aíochta glactha ar cíos acu: ceann amháin do na garsúin; an ceann eile do na cailíní. D’imigh an bus agus an tiománaí chuig an mbaile mór ar feadh an oíche. Bhí na garsúin agus Séamus sásta leis an tae, ar aon nós. Ullmhaíodh béile friochta dóibh. Tar éis an tae, bhuail siad arís le Niamh agus a cailíní os comhair halla an phobail a bhí suite go h-uaigneach idir an dá theach. Ba léir go raibh na mná míshásta leis an sailéad a bhí acu sa lóistín eile. Bhí orthu dul ar ais anseo le haghaidh chéilí sa halla. Uair nó dhó caite mar seo, ag éirí deannaigh, shleamhnaigh cailín amháin amach, chun toitín a chaitheamh. D’fhéach sí ar na soilse, scaipthe sa dorchadas, trasna na bhfánaí. Chuala sí tormáil as a bolg. Ansin chonaic sí veain sceallóga ag teacht suas an bóthar. Nuair a stad an veain os comhair an halla, chuaigh sí trasna. B’é an tiománaí an cócaire freisin.

“Sceallóga, bitte. Sorry, más é do thoil é. Chips. Mála sceallóga.”
Bhí sí ag déanamh staidéir ar an nGearmáinis freisin.
“Agus borgaire mit Käse. Cáis!”
“Tuigim. Ná bac.”
“An mbíonn tú anseo, gach oíche?”
“Amárach? Satharn, téim isteach sa bhaile mór. I’m from the town, anyway.”

D’ith sí an borgaire in aice leis an veain agus ansin chuaigh sí isteach arís leis na sceallóga. Fuair na cailíní eile an boladh ar dtús. Rith siad trasna chuici. Thit an céilí as a chéile ansin. Ar an Satharn, chaith siad an maidin ar scoil aitiúil, ag labhairt na Gaeilge le múinteoirí áitiúla. Bhí náire ar na daoine óga ar dtús, sular dhúisigh siad go ceart. Bhí dóchas ar Niamh nach ndéarfadh éinne acu “Tá sé fear” ná rud an-amaideach mar sin. Bhí Séamus ag féachaint amach ar na caora ar na fánaí. Ní raibh sé freagrach don rang seo ar scoil.

Ag am an lóin, chuaigh siad suas go dtí teach tábhairne in aice leis an scoil. Shuigh na daoine óga sa chúl mar bhí bord púil ann. D’fhan Séamus agus Niamh ag an gcúntar. Tháinig bus le Yanks. Daoine aosta ab ea iad. Tháinig siad isteach chun bia a ordú, le ceist nó dhó acu. Ansin chas siad ón gcúntar chun scrúdú a dhéanamh ar rud éigin, mar shampla sean-phostaer tabac, salach agus stróicthe, ar an mballa, nó sean-comhartha bóthair, i gcló gaelach, ar an síleáil.

“Honey, look at that. That’s awesome.”
“So, excuse me, is that what you’d like?” arsa an freastalaí.
“Oh, I’m sorry. But could I have one of those stews without meat, more like a broth, and one of the chowders without shellfish?”

D’iompaigh an cailín taobh thiar chuig scipéad airgid, a súile suas ar neamh. Sin mar a bhí an scéal sular tháinig bus eile, le Gearmánaigh meánaosta. B’éigean do na Yanks an bealach a fhágáil os comhair an ruathair seo ón nGearmáin. “Cé a bhuaigh an cogadh?” arsa Séamus. Bhí Niamh ag breathnú orthu freisin. Go luath chuala siad na Gearmánaigh.

“Wir setzen uns dort, ja.”
“Was macht das?”
“Haben Sie das Irish stew? Und die Fischsuppe? Ja, dreimal für uns hier.”
Bhí an cailín bocht ag iarracht a cuid Ghearmáinis a chuimhneamh ón scoil.
“OK, das ist stew oder Fischsuppe? Bitte?”
“Zwei und eins.”
Thóg an cailín an brí go raibh dhá sheabhdar san ordú.
“Wieviel kostet das?”
Thug sí an praghas dóibh.
“Oh das ist teuer, ja.”

Ansin dúirt sí as Béarla leo go raibh ar gach iascaire san áit seo Gaeilge a fhoghlaim sula ndeachaigh sé ar slí na mara agus bhí an milleán ar an gcóras oideachais. Ghlac siad leis an míniú sin mar bhí suim acu sa sean-chultúr na h-Éireann. Um tráthnóna, d’éirigh treoraí áitiúil ar an mbus, sula ndeachaigh siad ar turas an chósta, thar an ngleann. Bhí micreafón aige ach thug Séamus faoi deara nach raibh na daltaí ag éisteacht. Bhí musaem beag os cionn an chuain. D’fhiafraigh an bhean a bhí istigh díobh, cén saghas eolais a bhí acu faoi stair an cheantair. Chroith siad a nguaillí. Ní raibh eolas ar bith acu. Ar aon nós, shuigh siad síos go léir, chun DVD a fheiscint. Cé go raibh duine nó beirt ag titim ina chodladh sa dorchadas, dhúisigh siad go tobann nuair a ligeadh broim sa chúl. Bhí meangadh gáire ar Séamus nuair a d’iompaigh Niamh go tobann ar an gcathaoir, ach ní dúirt sí rud ar bith. Bhí an sollúntas imithe.

Taobh amuigh, d’éirigh leis an tiománaí balla íseal a bhualadh le tóin an bhus nuair a bhí sé ag iarracht é a iompú. Ansin mhínigh sé do na múinteoirí go raibh na coscáin agus an cumhacht-stiúradh “gone”, sular fhág sé an bus. Chuir sé glaoch ar duine éigin ar a ghuthán. D’fhéach na múinteoirí ar a chéile. D’fhógair Séamus sé go raibh fadhb acu. B’éigean don tiománaí dul abhaile ar bus poiblí, chun bus eile a fháil.

Tháinig cith fhada ach ní raibh na páistí ag gearán. Lean an t-eachtra ar aghaidh. D’fhéach na hainmhithe thar claí orthu go léir, agus iad ag fánaíocht trasna na tíre. Rith caorach uathu ach bhí na bulláin ag stánadh agus ag cogaint na círe. Tar éis an tae, bhuail an dá leath le chéile arís ag an halla. Tháinig siad go moch chuige. Bhí céilí eile sa phlean ach bhí na gutháin gnóthach, idir na daoine óga, cheana féin. Fuair na cailíní lasagne, le sailéad arís, ach ní raibh ach sailéad ag na buachaillí. Is bean gnó í, gach bean an tí. Ní raibh aon rince eile ag teastáil uathu.

“Cad a dhéanfaimid libh, in áit chéilí?” arsa Séamus.
Lig duine éigin béic as. D’imir Seán Mór leis an gcondae.
“An baile mór!”
D’éirigh deannach arís le greadadh cosa. Bhí tart beag ar Séamus freisin. Thóg sé amach a ghuthán.
“Tá rud éigin cearr leis an mbus. Ní féidir linn dul isteach,” arsa Niamh.
Chuala sí ‘Foc an bus briste’, ráite go h-íseal ag duine ina measc, ach ó garsún nó cailín, ní raibh sé sin soiléir di.
“Cuir glaoch ar cúpla tacsaí ón mbaile mór!”
“Ach cad a dhéanfaidh sibh ann?”
“Tá pictiúrlann ann,” arsa Orla dhubh, an cailín glic. Cailín Sheáin Mhóir freisin.
“Sceallóga!” arsa cara.
“Cad mar gheall ar an veain?” arsa Niamh.
“Imithe go dtí an baile mór anocht!”
Chas na cailíní eile chuig Médbh. Fuair Séamus uimhir ar a ghuthán idir an dá linn.
“’Sea, dúirt sé liom, aréir,” arsa Médbh.

Tharraing sí a cochaill ar a ceann. Chuir Séamus an céilí ar ceal le téacs. D’íocfaí an banna ceoil ar aon nós. Ghéill Niamh ach thit a plean slándála as a chéile nuair a léim na scoláirí isteach sna dá tacsaí móra a tháinig amach chucu ar dtús. D’imigh siad. Bhí ar na múinteoirí fanacht leis an triú carr. Scaoilte amach sa bhaile mór, chuaigh na scoláirí go dtí an chéad teach tábhairne a bhfuair siad sa chearnóg. Bhí teagasc faighte ag Seán Mór ó Orla sa tacsaí cheana féin. Chas sé chun rabhadh a thabhairt. “Bígí cool anseo, OK?” Bhí na cártaí aitheantais bréige réidh acu. Sheas Seán Mór in aice leis an gcúntar, le fear sciathán in aice leis. Bhí Orla taobh thiar díobh ach ní raibh aon ceist ag an bhfreastalaí ach cén saghas dí a bhí ag teastáil. Chuir sé piontaí suas ar an gcúntar agus nuair a shín sé lámh amach, d’fhéach sé tharstu ar an tionól. D’fhiafraigh sé díobh cad a bhí an scéal leo. Thug Seán Mór an freagra ceart dó.

“College.”
“I see. Which college are ye from?”
“Baile Átha Cliath. Field trip,” a chuir Orla leis, le meangadh gáire binn uirthi.

Bhí sí saghas cinnte go mbeadh gach coláiste i mBaile Átha Cliath ina rud céanna dó. Nuair a bhí a múinteoirí ar tí dul isteach sa phictiúrlann, thug siad faoi deara nach raibh éinne ag fanacht leo taobh amuigh, ná taobh istigh ach oiread.

“Táimid ag cur ama amú, dul isteach anseo, is dócha,” arsa Séamus.
“Cad a dhéanfaimid anois?”
“Ní bheidh siad i bhfad uainn. Beidh deoch againn.”
Fuair an bheirt teach tábhairne eile ar an gcearnóg.
“An mian leat leanúint leis an nGaeilge? Níl aon dalta os ár gcomhair,” ar sise.
“Sin é an margadh. Beidh comhrá príobháideach eadrainn.”
Shuigh siad i gcúinne le deoch.
“Cad a tharla leis an bhfear a bhíodh agat?”
“’Sé mo ghnó féin.”
“Gabh mo leithscéal ach cheap mise go raibh sibh beagnach pósta.”
“Bhímís. Ach tá sé ar ais liom, anois, arís.”
“Comhghairdeachas.”
“Thóg sé sos beag ón mbean tiarnúil, ba dhócha. Ach shleamhnaigh sé ar ais chugam agus thug mé geall éigin dó. Tógfaidh mé go bog é. Ach is mise fós an bhean a chaithfidh gach rud a eagrú. Cad é an scéal sa bhaile agatsa?”
Chroith sé a ghuaillí.
“Tógáil clainne. Is bean thú. Cad tá ag teastáil uait? Fear chéile, teach, páistí, nach ea?”
“Cheannaigh mé mo theach féin. Tá bean agatsa, teach freisin, páistí.”
“Tógáil clainne, ’sea.”
Chuir sí Diet Coke breise isteach sa ghloine vodka aici.
“Cad é an fhadhb atá agat linn, ar scoil? Ní raibh tú riamh ag cóisir na fóirne.”
“Tá neart poill tóna againn sa seomra fóirne.”
“Agus ceapann tú go bhfuil mise ina measc.”
“Níor chuir tú isteach orm riamh.”
“Is maith liom go réitím leo.”
“Is cuma liomsa cad a dhéanann tú leo. Nílim in aghaidh duitse.”
Thóg sé suas a phionta arís.
“An éiríonn leadrán ort riamh?”
“Is dóigh liom. Sin é mar atá an saol. An bhfuil rogha againn?” ar sise.
“Cibé an scéal, raghaimid chun na páistí a fháil tar éis an bhabhta seo.”
“An bhfuil tú cinnte? Tá sos beag againn anseo.”

Fuair Séamus agus Niamh an áit eile go luath. Cheannaigh na múinteoirí cúpla babhta mór. Timpeall deich a chlog, mhol Séamus dul ar ais chuig an nGaeltacht. Ar ais arís sa teach tábhairne ina bhfuair siad an lón, ní raibh sé ró-ghnóthach fós. Bhí roinnt fear ina seasamh, ag an gcúntar. Stad siad leis an mBéarla. Níor chuala na cuairteoirí ach fear gorm ansin, caipín iascaire air, ag caint os ard le bean an tí.

“An raibh tú riamh i bPáras, a bhean uasal? Tá mo mháthair fós ina cónaí ann. Elle n’aime pas l’hiver mais…”
“Uair amháin. Bhí mo ghariníon agus mo gharmhac ag dul go Disneyland. Chuamar ar bád ar an Seine freisin.”
“Nuair a bhí mise i mo bhuachaill beag, bhí ceist agam, cá ndeachaigh an Seine?”
“Go hÉirinn.”

Thosnaigh comhrá nó dhó arís i measc na bhfear umpu, ach as Gaeilge anois, mar bhí siad ag breathnú ar na cailíní. Go luath bhí sé dubh le daoine. Bhuail siad leis an seanchaí arís agus mhínigh sé cad a bhí taobh thiar scéal brónach, dar leis, i dtír ina labhraíonn níos mó acu an Pholainnis ná an teanga dhúchais. Dar leis, bhí an ceart ag Tom Barry. Níorbh fiú troid ar son muintire na hÉireann. Níor mhaith le Séamus a fhéin a insint dó: ní raibh gnáthchiall ar bith ag an gcóras. Comharthacht ab ea an scéal riamh: canadh Amhrán na bhFiann gan fhios cad ba bhrí sna focail; “Ar dheis Dé go raibh a anam” ar an raidio áitiúil, nuair a léitear amach na mairbh; daoine ag iarracht rud a chuimhneamh, ar laethanta saoire, nuair a bhíonn Turcach ag stainnín ag taispeáint go bhfuil níos mó na Gaeilge aige.

Bhí na buachaillí báire istigh, ag iarraidh caint leis na cailíní. Ansin bhuail ceann amháin acu isteach chuig na múinteoirí. Ba léir go raibh an fear leis an leabhar ar aithne aige. Dúirt an fear óg rud éigin i cluas Niamh. D’imigh an meangadh gáire uaithi. D’fhreagair sí ar éigean dó. Thosnaigh sé ag magadh futhu ansin.

“An é Gaeilge atá á lorg agaibh anseo?”
D’iompaigh Niamh ar a stól. D’iompaigh a pónaí ina diaidh.
“Níor thángamar anseo chun feamainn a ithe, ar aon nós,” ar sise. “Ach fuaramar é.”
“Bíodh bród ort. Thángamar isteach anocht agus ní raibh ach duine amháin ag labhairt an teanga,” arsa Séamus.
“An fear gorm!”

Bhí náire ar an seanchaí. Mhínigh sé go raibh mionbhus i gcúl an tí agus b’fhéidir go mbeadh bean an tí nó a mac in ann iad a thiomáint abhaile, níos déanaí. Chuaigh sé suas chun é sin a iarracht orthu. D’fhéach Séamus timpeall, ar an áit plódaithe.

“Conas atá ár gcuid scoláirí?”
“Beidh tinneas orthu maidin amárach,” arsa Niamh.
“’Sea, má bhíonn bus againn. Fiú amháin go mbeidh, chífimid a lán stadanna ar an mbóthar abhaile. Beidh mise i mo altra dóibh. Is féidir leatsa codladh le do nótaí.”
Thuig Niamh go raibh siad as radharc. Go tapaidh thug sí póigín ar na liopaí dó.
“Go raibh míle,” ar sise. “As gach rud.”
Bhí ceist eile ag Séamus di ansin.
“Ba mhian leat riamh, píosa ar an taobh, mar a deirtear?”
“I gcén lóistín? Leis na cailíní nó leis na garsúin? Two’s a couple, ach…”
“Beidh crowd againnse, i gcónaí.”

“Deoraíocht IV” le Jack Ó Drisceoil ( le léaráidí) – an scéal a tháinig sa dara háit.

Tús
I dtús báire thit na froganna as an spéir. Ba bheag an t-iontas go dtitfeadh an corrfhrog ach, an turas seo, thánadar anuas in aon chith amháin sa treo is go raibh an Foth-Thalamh ar snámh leo. Ba leor sin chun An Slua Maith a chur ina stad agus iad ag dul thar bráid ina gcarráistí órga agus ina gcultacha ornáideacha. Ansin do thit an spéir féin. Le tuairt mhór a phléasc sí ina smidiríní geala millteannacha. Cith seodmhar an bháis a thit anuas ar An Slua Maith agus leath dorchacht thiubh ar fud an Fhoth-Thalaimh. Ansin racht olagóin nár chulathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís.
Bhí tranglam mór de neacha ag rith thall is abhus ag buaileadh isteach ina chéile agus ag titim thar na mairbh. Le linn an ruaille buaille, chonacthas na gléshoilse beaga á lasadh anseo agus ansiúd. Is amhlaidh go raibh na lampróga faoi lasair agus fuair An Slua Maith iarracht de radharc ar an léirscrios a bhí imithe orthu. Chonaiceadar go raibh a sípháláis ghalánta ina bhfothracha agus go raibh a ngairdíní bláthacha scriosta. Thuig siad um an dtaca sin go raibh an cogadh tagtha agus go raibh deireadh leis an Ríocht go fíreannach.
D’éirigh aniar Galchobhar, ar dhaonnaí é, óna raibh fágtha den charráiste ríoga. Tháinig seisean slán ón tionóisc, ach ní hionann sin agus go raibh sé lánchumasach. Bhí sé stadach spadánta i ngach bogadh dá ndéanadh sé. Anallód a briseadh a chosa agus ina dhiaidh sin cuireadh ag tarraingt charráiste an rí agus na banríona é, óir b’fhearrde go mór meanma an tSlua Mhaith a leithéid siúd a fheiceáil thíos agus saothar de gach sórt brúite air.
Siúd leis ag cuardach na bpaisinéirí. Níorbh fhada gur tháinig sé orthu: an rí agus an bhanríon agus iad sínte faoin raic. Ba é meáchan an charráiste órga féin a scrios iad. Bhí an tslat draíochta fós i nglac an rí. Ní ar a dtóir iadsan a bhí Galchobhar, áfach, ach thóg sé leis an tslat mar sin féin. Rug sé greim ar lampróg mhór a bhí ag dul thar bráid gur cheangal leis an slat é.
Sánnaithe go maith i sliogán a bhí sí nuair a tháinig sé uirthi. Bhí a súile dúnta. Agus é ar crith, do leag Galchobhar leathlámh ar a gruaig fhionn chatach. Do chúlaigh sí ní ba dhoimhne isteach sa sliogán. Lig sé osna.
“A Dhéarshúil? Tig leat teacht amach. Tá sé thart.” D’oscail sí a súile gur thug sí fé ndeara é.
“M’athair agus mo mháthair?” Ba mhín brónach a glór.
“Chomh marbh le hart, is eagal liom.”
“Tá sé chomh maith agam a bheith marbh leo. Lig dom.”
“Ní thig linn fanacht anseo. Tá an Lucht Thuas ar ár dtí lenár scriosadh.”
“Cár chuma duitse? Nach duine dóibh siúd tú féin.”
Ansin labhair Galchobhar agus dúirt, “A Bhanphrionsa, an cuimhin leat an lá a thóg do mháthair anseo mé? Na céadta bliain ó shin, dar leat, ach tá sé amhail is gur inné a tharla sé agamsa. A fheargach is a bhí an Rí, d’athairse! D’ordaigh sé dá Bhabún mé a scriosadh ar an bpointe boise. Ach do thug tú na súile agus d’impigh ar d’athair mé a choimead mar chéile súgartha leatsa. Do chuid deora a chosc mo bhasctha an lá sin. Ina dhiaidh sin do dheinis dearmad orm gur rug siad orm gur chéasadar mé. Ach níor dheineas-sa dearmad ortsa. Téanam ort anois.”
Rug sé lámh uirthi ansin agus d’éirigh sí aniar. Ag tabhairt a ndroma ar an raic dóibh do chualadar an ghluaiseacht ón taobh thall den charráiste. Bhí cársán mar a bheadh ainmhí i bpian. D’eascair an Babún Gorm féin as an dorchadas agus saothar anála air. Clúdaithe le fuil a bhí sé agus leathchluas leis in easnamh. D’fheach sé ar Dhéarshúil agus ansin do luigh a shúile dearga ar Ghalchobhar. Thug sé fogha faoi.
Ba ghnách leis an mBabún ariamh a chreach a aimsiú gan teip. Ach an uair seo bhí sé ró-mhall de bharr a ghortaithe. Chúlaigh Galchobhar de gheit as a bhealach agus do thit an t-ainmhí de phleist ar an talamh.
“A Bhabúin,” arsa Galchobhar, “tig leat mé a mharú más áil leat é ach ní foláir duit do mhuintir a tharrtháil. An Lucht Thuas, mo mhuintirse, atá ann – agus rún bhur mbasctha acu! Cloisim cheana féin a gcuid meaisíní cogaidh ag teannadh linn. Tá fios na n-easraisí rúnda agatsa. Nach bhféadfá do mhuintir a threorú slán?”
Thairg sé slat an Rí dó.
Sheas an Babún agus d’fhéach ó Ghalchobhar go Déarshúil. Níorbh fhios óna aghaidh céard a bhí ar intinn aige. Ansin do sciob sé an tslat ó lámh Ghalchobhair agus siúd chun siúil é, an tslat-lampróg ag soilsiú a bhealaigh dó. Ar ball beag, do leanadar amach i dtreo an fhásaigh é.
Ag gabháil ar aghaidh tríd an dorchadas dóibh, do thugadar fé ndeara na neacha eile a bhí á leanúint freisin. I measc iad siúd a tháinig slán ar an sléacht bhí síoga, fearaíní, púcaí, eilbh agus créatúirí gan ainm, muintir uile an Fhoth-thalaimh. Chonaic Galchobhar an iomaí tiarna agus bantiarna de chuid na Sí ag tuisliú ar aghaidh go brónach bratógach, a n-éadaí galánta ina bpoill orthu.
“Cá bhfuil ár dtriail?” a d’fhiafraidís dá chéile. “Cad é atá romhainn?” Bhí lúchorpán amháin, cosnocht, agus gach uile olagón uaidh i ndiaidh a bhuataisí caillte.
Ach bhí dua ag Galchobhar féin ina dhul ar aghaidh agus bhí ar Dhéarshúil tacú leis. Diaidh ar ndiaidh do thiteadar beirt ní b’fhaide agus ní b’fhaide siar.
“An ar mo tharrtháil a tháinig tú, ní ba thúisce?” arsa sí. “Feictear dom gur mise atá dod’ tharrtháilse. Agus tá boladh bréan asat. Mo léan! Tá mo thuistí marbh agus mo ríocht scriosta. Agus do thug tú an tslat draíochta don Bhabún Gorm! Cad tá i ndán dom ar thalamh an domhain?”
“ Tá eolas na slí ag an mBabún,” arsa Galchobhar. “Agus, mar eolas duit féin, ní fada go mbeidh boladh bréan asatsa chomh maith céanna!”
Ghluais na taistealaithe leo ar aghaidh tríd na bánta briste. Faoi sholas lag na lampróg, d’fhaighidís gearrfhéachaintí ar a raibh fágtha den dúiche máguaird: craobhacha marbha crann, dumhaí scriosta nó cnoic ghruama ní b’fhaide siar. Anuas air sin, chloisidís clampar torannach i bhfad i gcéin mar a bheadh meaisíní móra tochailte i mbun oibre. Ansin screadaíl na gcréatúirí i gcruachás amuigh sa dorchadas a chuireadh ag brostú ar aghaidh iad.
Faoin am a shroich siad an aill mhór, bhí slua mór ag leanúint an Bhabúin. Balla dubh bagrach a bhí os a gcomhair amach nach raibh scoilt ná poll le feiceáil ann, dar leo. Stop an Slua agus d’fhan ag fuireachas fad is a chuaigh an Babún isteach faoin aill gur chrom sé ag a bun. Níorbh léir do na taistealaithe cad a rinne sé, ach go tobann, d’oscail scoilt mhór sa bhalla a nochtaigh pasáiste leathan dorcha a chuaigh isteach san aill féin.
Isteach leis an mBabún. Ach bhí leisce ar an Slua é a leanúint. Chas an Babún laistigh den tairseach agus d’fhan ina staic dhubh. Focal ní dúirt sé, ach é ag féachaint ina dtreo lena shúile dearga.
“Cá bhfuil sé dár mbreith?” a d’fhiafraigh siad dá chéile. “Isteach i nduibheagán an domhain, is cosúil!”
An clampar mór ansin siar an bealach a tháinig siad, mar a bheadh na clocha móra tar éis titim ón ard anuas. Bhí an Lucht Thuas ag druidim leo. Ba leor sin don Slua, agus siúd isteach sa tollán iad. D’iompaigh an Babún ar a sháil agus shiúil sé ar aghaidh díreach os a gcomhair. Ach stop Déarshúil faoin áirse.
“Cad is fiú é duitse sinn a leanúint isteach i bpluais thais dhorcha?” arsa sí le Gallchobhar. “Gan aon amhras, nuair a thagann do mhuintir, tógfaidh siad ar ais go dtí an Domhain Uachtar thú, slán sábhailte.”
“Is ar éigean go mbeidh siad sásta glacadh liom faoin taca seo,” arsa sé. Ní fheicfidís ionam ach arachtach aduain eile de chuid an Fhoth-thalaimh.”
Agus ghluaiseadar leo. Aistear faoi chloich i ndorchadas gan chríoch. Cé mhéad laethanta a chuir siad díobh sna tolláin? Ní raibh a fhios sin ag Déarshúil ná ag Galchobhar. Ceann ar cheann, thosnaigh na lampróga ag dul in éag. Sa deireadh ní raibh fágtha ach an solas ó shlat an Bhabúin ag soilsiú a mbealaigh ar aghaidh dóibh.
Uaireanta thagadh an Babún ar triall chucu ag marú na neacha a thit le teann tuirse ná éadóchais. Rinne Galchobhar a bheag de fhéin nuair a théadh seisean thar bráid. Bhí an dóchas aige go raibh dearmad glan déanta ag an mBabún air toisc na cúramaí a bhí aige.
Dorchadas. Siúl. An corrshos. Ach an dorchadas i gcónaí. Chuaigh sé isteach ina n-anama agus chuir ar dearmad a gcéadfaí mar aon le himeacht an ama féin. Tráth a bhí an Slua ina luí ar an talamh, tuirse traochta, taibhsíodh do Ghalchobhar go raibh an Babún Gorm cromtha os cionn Déarshúil, ag ealaín lena gruaig a raibh dath an óir uirthi faoi sholas na slaite draíochta. Bhí sise ag cuimilt dá chlár éadain seisean lena lámh agus í ag sileadh na ndeor. Do ghlan seisean na deora óna haghaidh sise le folt a cinn. D’fhill an dorchadas an athuair.

lár

Ansin bhí screadaíl ina measc agus do stopadar nó gur tháinig an Babún leis an scéal a shoilsiú. An lúchorpán cosnocht a bhí ann.
“Mo chuid óir! Mo chuid óir! Féach mo chuid óir!” arsa sé, sna tríthí.
Bhailigh an slua tímpeall air. D’oscail sé a mhála agus dhoirt ar an talamh a raibh istigh ann.
“Caillte ! caillte, mo thaisce!” Do chaith sé é fein ar an talamh agus stróic a chuid éadaí. Ní raibh sa mhála ach duilleoga.
“Tá draoícht do mhuintire ag meath!” a dúirt Galchobhar os íseal le Déarshúil.
Agus b’fhíor dó. Cheana féin bhí cuid den tSlua ag cailliúint an riocht draíochtúla a bhíodh orthu agus ag claochlú go h-ainmhithe. Bhí daoine ina leath-shionnaigh, ina leath-ghabhair, ina leath-easóga.
“Ní thuigim canathaobh atá sé ag tarlú,” arsa Déarshúil go faitíosach. “Nach bhfuil an tslat ríoga ag an mBabún go fóill?”
“Ní foláir nó nach n-oibríonn an draoícht agus an tslat ina sheilbh siúd,” arsa Galchobhar. “Nó an é nach sa tslat a bhí an draíocht sa chéad áit?”
Agus níorbh fhada gur thuig an Slua féin a gcruachás. Thosaigh achrann mór agus d’éirigh idir neacha éagsúla gur stróiceadar na súl ar a chéile. Theip an misneach orthu gur léim roinnt díobh isteach sna h-aibhéisí móra a bhí feadh an bhealaigh.
“Ní foláir rud éigin a dhéanamh!” a dúirt Déarshúil, “Caithfear an tslat a bhaint den Bhabún nó déanfar ainmhithe dínn uile! ”
Ach ní raibh neart ar an scéal.
“Tá croí an Bhabúin ina chloch,” a deireadh an Slua. An té a chuirfeadh i gcoinne an Bhabúin, is eisean a chaillfeadh a bheatha ar an bpointe. Leis sin, bhí mire buailte air agus bhí sé á dtiomáint ar aghaidh ní ba thapúla ná riamh. Ghéaraigh sé ar a siúl orthu agus ghéaraigh arís go dtí go raibh fuadar uafásach fúthu. Iad siúd a thiteadh, d’fhágadh ar lár iad. Bhí Galchobhar cráite agus b’éigean do Dhéarshúil é a iompar ar a droim. Ní bhíodh sí in ann chuige sin murach an meath a bhí tagtha air toisc an íde a bhí imithe air.
Ansin isteach de shodar mire leo san uisce fuar agus is amhlaidh go raibh a gceann scríbe sroichte acu. Thit siad uile le teann faoisimh agus tuirse agus slogadh sa dorchadas iad.
Nuair a tháinig siad chucu féin chonaic siad go raibh linn mór sínte amach rompu. Do bhaineadh siar as an méid a bhí fágtha den tSlua. Ar dhromchla an uisce dhorcha chiúin, bhí samhail na gealaí agus na réaltaí le feiceáil. Do chuir an loinnir san uisce i gcuimhne dóibh an seansaol geal a bhíodh acu agus an draíocht a bhain leis.
Sheasadar Déarshúil agus Galchobhar ar bhruach an locha agus d’fhéach isteach san uisce a bhí mar scáthán. Os comhair chúlbhrait réaltógaigh chonaic siad dhá aghaidh ina raibh rian an bhróin agus na mblianta caite gan teacht ar sholas an lae. Ba chosúil lena chéile a bhí siad anois.
“Cé chomh fada ár dtriall thíos anseo, meas tú?” a d’fhiafraigh Galchobhar.
“Níl a fhios agam, ní dhéantaí an t-am a chomhaireamh ariamh le linn réim m’athar.”
D’fhéach Galchobhar ar na haghaidheanna san uisce arís.
“Is léir dom go ndéantar é a chomhaireamh anois,” arsa sé.
Ins an scáthán, d’éirigh cruth an Bhabúin Ghoirm gan choinne taobh thiar díobh. Lig Déarshúil scread in ard a gutha. Brúdh Galchobhar isteach faoin uisce fuar go borb. Bhí neart fiáin ag an mBabún. Níor chuir Galchobhar ina choinne. Do ghlac sé le teacht an bháis. Nach raibh ina shaol ach an bás go dtí sin ar aon nós?
Ansin tuairt uafásach. Fiú faoin uisce a d’airigh Galchobhar é. Scaoileadh saor é agus suas chun bairr leis. Bhí raic mhór ar siúl tímpeall orthu agus bhí an Slua Maith cromtha ar an talamh, ag clúdach a súl lena gcrúba. I bhfad thuas os a gcionn bhí mar a bheadh scoilt mhór sa chloch agus solas millteannach na gréine ag teacht tríd.
“Tá siad chugainn ar deireadh! Tá ár bport seinnte!” a chualathas ó leathchéad scornach. Bhí clocha móra ag titim ina measc. Ceann díobh siúd a bhuail an Babún. Bhí leathghéag láimhe leis ceaptha faoi bhollán mór agus é ag coimeád a chinn as an uisce ar éigean. Bhí an tslat draíochta ina dhá leath, agus na piosaí ar snámh.
Tháinig scéin ar an Slua agus ghlaoigh siad ar an mBabún, á rá “Cén mhaith dúinn thú dár mbreith amach chun bás a fhail i bhfad faoin talamh? Nach bhfuil dada le rá agat?”
Bhí drochbhail ar an mBabún agus é ag streachailt in éadan a bháite. Ar deireadh, is de chogar scrabhach a labhair sé:
“Mise, a shantaigh ariamh go dtabharfaí searc dom, agus seo mé anois i mo dhíol fuatha agaibh.” Ach ní raibh suim acu ina chaint.
Bhailíodar i bhfáinne mór. Cuireadh Galchobhar agus Déarshúil taobh le taobh suas ar an mbollán a leag an Babún. Ceanglaíodh le chéile cosa na beirte le snáithe seiriceáin ar eagla go dtitfidís as a seasamh. An lúchorpán cosnocht ansin i mbun óráide:
“An té a caitheadh ar leataobh anallód, is é an té céanna inniu é is…”
Ach ní raibh seans aige an óráid a chríochnú. Pléascadh mór thuas agus d’oscail scoilt eile. Bhuail lasracha tine dromchla an locha féin. Rinne siad an searmanas a bhrostú chun críche.
Agus ansiúd ar bhruach Loch na Meánoíche, i bhfíanaise an Lúchorpáin Chosnocht, na Leath-ainmhithe agus an Bhabúin Ghoirm, fad is a bhí an domhan mór á scoilt óna chéile, do phósadar Galchobhar de shliocht daonna agus Déarshúil, de shliocht an tSlua Mhaith. D’eascair sciatháin na snáthaide móire as a droim sise agus bhí siad mar bhrat bainise umpu beirt. Bhí seisean cúig bliana d’aois agus bhí sise a ceathar.

Deireadh

“An Ceann a d’Éalaigh” le Antaine Mac Mathúna

An Ceann a d’Éalaigh

Bíonn gach tús lag, mar a dúirt an té a dúirt, agus an tráthnona sin ní raibh mórán ratha ar ár n-iarrachtaí – ní raibh sna líonta fionraí tar éis uair a chloig ach péirse bheag scáinte amháin. Bheadh sé chomh maith againn bheith ar bhruacha na Canála Ríoga i mBÁC agus bheadh níos mó meáchain sa líon againn faoin am seo. Tar éis an tsaoil, thángamar anseo, mo dheartháir ionúin Phil agus mé féin, ar thóir na n-iasc móra, iomráiteacha- na brain agus na cúramáin a bhi flúirseach go leor i Loch Rí, de réir dealraimh. “Lán go barra bachall le héisc atá an loch” a d’fhógair an bholscaireacht áitiúil, ach bhí seantaithí againn ar a leithéid de bhaothchaint i dtaobh na hiascaireachta de.

Chaitheamar an lá roimhe sin ag leagan anuas an baoite grinnill le go mealltar isteach báire éisc sa bhráite sin a bhí roghnaithe againn cois leaba luachra amach sa loch. Mála mór mhinchoirce, roinnt min-bhuí, cruimheanna bána agus bándearga, péisteanna talún, iad go léir measctha suas agus curtha ann roimhré. Thart ar meánlae, scinneamar amach go breá réidh, mise ar na maidí agus Phil ag iarraidh rudaí a chur i bhfearas sula shroichfimid an láthair iascaireachta.“ Cloisfidh siad aon torann ón mbád” ar seisean. “Téann na fuaimtonnta tríd an uisce i bhfad níos sciobtha ná trid an aer, tá’s agat.” Bhí fhios agam anois ar aon chuma.

Ó thaobh ullmhúchain de mar sin, ní raibh mórán fágtha ar lár againn, ach, cá raibh na héisc? An é gur leagamar síos an iomarca bia dóibh? An raibh brothall an lae ag cur as dóibh? Cibé ar bith é, bhí cúrsaí ciúin go leor, agus bhí bruadar ag titim orm ag éisteacht le slaparnach an uisce le taobh an bháid, crónán na bhfeithidí agus siosarnach na luachra. Bhí an bád seo an- sheascair ar fad… “Hoigh! Bog tú féin! Féach cá bhfuil do bhaoi!” Thug mé sciuird thobann faoin shlat, tharraing mé air, agus thuig mé láithreach nach péirse nó roiste a bhí agam an babhta seo. Bhí toirt ann agus fonn troda air freisin. Níor bhog sé ón ngrinneall ar dtús ainneoin mo chuid iarrachtaí. “ Ná seas suas sa bhád” arsa Phil. “Choimeád é faoi bhrú agus éiroidh sé tuirseach ar ball beag.” Agus go deimhin sin mar a tharla. Tar éis tamall bhig ag troid, ghéill an iasc, fhios aige go raibh an chath caillte aige. Tharraing mé isteach san éangach láimhe é gan stró. “ Maith thú” arsa Phil, “caithfidh go bhfuil ceithre nó cúig phunt meáchain sa cheann sin. A bhuí le Dia. Sin an tús anois.”
Ní raibh dul amú air. Tháinig siad chugainn ina gceann agus ina gceann, amhail is gur chasadh lasc éigin faoin uisce, chuid acu ocht, naoi bpunt meáchain ar a laghad. Ba ghearr go raibh na líonta lán de bhrain againn, agus bhí cúramán nó dhó ina measc freisin. Bíonn a lán ramallae ar na brain, agus bhí na lámha againn sleamhain leis gan mhoill. “ Cad é do mheas, a Phil?” arsa mise. An ligfidh muid ar ais anois iad?” Bhí sé ag druidim le luí na gréine faoin am seo, agus bhí mo dhóthain spóirt agamsa. “ Teilg amach aris é uair amhain eile agus feicfimid cad a tharlóidh” arsa Phil. “ Seans go mbeidh curiarracht na hÉireann againn as an loch seo inniú, cá bhfios? An té a gheobhaidh an chéad cheann eile ceannóidh sé na sceallóga!” Rith sé liom go raibh na brain go léir sna líonta againn cheana féin agus gur saothar in aisce a bheadh againn, ach níl gar agat bheith ag caint leis an bhfear sin agus é i mbun iascaireachta. Duine réchúiseach ab ea mo dheartháir de ghnáth, ach d’fhéadfadh sé a bheith coilgnach amaintí, go mór mór agus slat ina ghlaic aige.

Ar thoradh moille bhí baoite úra ar na duáin agus bhí na baoi ag creathnú ar barr an uisce go mórtasach, muid ar tinneall arís ag stánadh orthu, ag súil go dtiocfaidh iasc sonraíoch éigin chugainn aníos as diamhair an locha. Ach corraí ar bith ar na dorú ní fhacamar. Bhí an clapsholas linn faoin am seo, agus bhí ag loic ar mo shúile sa mheathdhorchadas. “Tá sé chomh maith againn éirí as anois” arsa Phil i nglór ciúin “Tá siad imithe, monuar. Ach bhí lá suáilceach againn, nach raibh?” Ní raibh mé chun cur ina choinne. Bhí mé ag tarraingt isteach an dorú agus ag únfairt leis an roithleáin nuair a chuala mé ó Phil: “ Fan soicind, tá mé i ngreim ag an grinneall. Ní foláir nó go bhfuil sé greamaithe i ngéag chrainn nó i gcarraig thíos ansin.” “ Sin aisteach”, arsa mise, “ Sin an chéad uair a tharla a leithéid dúinn inniú. Cheap mise nach raibh thíos ach scaineagán agus…” Bhris Phil isteach orm: “ Go tapaidh! Ar na rámhaí tusa. Cibé ar bith rud atá thíos ansin, tá sé ag bogadh!” “ Céard? Cad tá ag bogadh?” “ In ainm Dé ná bac leis na ceisteanna ach deifrigh! Liús atá ann tá mé ag ceapadh, agus ceann toirtiúil mura bhfuil dul amú orm! Tá an bran agus an dúán alptha síos ina scórnach aici. Caithfimid í a leanúint ar na rámhaí mar níl agam ach céad slat de dhuán, agus ni leor é sin don arrachtach seo. Coinnigh ort!”

Murab ionann agus mise, bhí taithí nach beag ag Phil ar na liúis, agus ghlac mé lena chomhairle scun scan. Buaileamar an loch amach go réchúiseach i ndiaidh an éisc, a bhí ag snámh go malltriallach i dtreo lár an locha. Bhí Phil ag tabhairt fad a théide di de réir a chéile ó soc an bháid. “ Ceann baineann atá ann gan aon agó” ar seisean “ ní bhíonn an téagar sin ins na seaiceanna.”
“ Meastú cé chomh mór is atá si, agus cá bhfuil a triall?”
Bhí Phil ina sheasamh anois, rud nach moltar agus bád ag gluaiseacht, ionas go mbeadh radharc amach aige ar an loch.“ Deacair é sin a mheá. Is cránaí mór éisc í, sin cinnte. Bhraith mé a toirt ar ball, agus measaim go bhfuil sí ar a laghad fiche punt, b’fhéidir níos mó.”
Ach conas dul i ngleic léi? Ní raibh sa durú sin aige ocht bpunt de neart, agus ní treallamh liúis a bhí ann ach oiread. Bhíomar i bhfaobhar na hoíche anois, i bhfad ón gcuanín beag sin, gan ach cláir adhmaid idir muidne agus grinneall láibe an locha, an lá ag dul ó sholas… Smaointí ilchineálacha mar sin a bhí ag rothlú trid mo cheann agus mé ag iomramh go réidh i ndiaidh an liúis. Tháinig an scéal sin faoin seanmháirnealach agus an siorc chugam, inar lean an seanfhear úd an t- iasc mór sin gan stad ná staonadh ar feadh seachtaine nó níos mó. Scéal Hemingway, ab ea? Is ar éigin a tháinig an fear bocht slán ag deireadh an scéil scáfair sin.

Go deimhin bhí iasc mór mar sin againne freisin, agus ní raibh cuma na tuirseachta uirthi go fóill.“ Níl aon dul as anois” arsa Phil, “caithfimid í a leánúint go dti go bhfuil sí traochta, agus ansin beidh an lá linn!”
“Ach…”
“Coinnigh ort, maith an fear, agus fág fúmsa an gníomh seo. Beidh an iasc seo againn in am agus i dtráth” ar seisean.
Lean mé orm ar na maidí go mall, solas na gealaí agus na realtaí ag glioscarnach ar chraiceann an uisce, na soilse lasta anois sna tithe timpeall an locha, an bád ag sleamhnú go ciúin thar an uisce. Thíos ansin ag bundún dorcha an locha, céard a bhí ann? Bhí gach olc á thaibhreamh dom agus me ag leanúint an éisc rúndiamhraigh seo.
“Tóg go bog é anois,”arsa Phil, “Tá sí ag maolú. Brúigh ar ais ar na rámhaí píosa”
Rinne mé amhlaidh, agus ar ball beag bhí an bád ina mharbhstad, an loch iomlán ina chalm, gan phuth ghaoithe.
Oíche lánré a bhí ann, an ghealach ag caitheamh léas solais orainn agus an spéir breac le réaltaí. Shuigh Phil síos agus las sé toitín. Chonaic mé an straois ar a aghaidh i solas an toitín, loinnir ina shúile a bhí dírithe ar an gcuar ag barr na slaite agus ar an dorú ag síneadh amach ó thaobh an bháid.
“Cad atá in ann dúinn anois meastú? An bhfuil sí spíonta?” arsa mise i nguth íseal, faiteach.
“ Beag an baol. Níl an choimhlint seo ach ag tosnú. Tá sí thíos ansin ag tógáil sosa agus ag déanamh cibé marana a ndéanann siad. Sin nó ag díleá an bhrain. Nílim baileach cinnte an bhfuil an bran ina craos fós nó an bhfuil sé slogtha siar aici. Cibé ar bith é, tá mé chun brú eadrom a chur uirthi anois agus cífimid.”
Leis sin, chaith sé an toitín sa loch, chas sé an roithleáin ionas go mbeadh an dorú teann, agus tharraing sé an slat aníos go réidh. “Fainic! Tá sí ag teacht chugainn! Ar ais linn! Iompaigh ar ais!” Ní raibh am ná aga agam smaoineamh. Rug mé ar na maidí ar an toirt agus tharraing mé orthu go tréan.

Dá mhéid mo dhichill, bhí mé sé fuar agam an bád a chasadh ar ais. “ A dhiabhail!” Bhéic Phil amach, “ Tá sí ag teacht díreach i dtreo an bháid!” Bhreathnaigh mé isteach san uisce i dtreo an dorú, agus chonaic mé droim millteanach an éisc ábhalmhóir ar bharr an uisce, eite mór an droma ag gobadh amach san aer, ansin an t-iomlasc leis an eireaball leathan donnbhuí, stealladh mór uisce, agus bhí sí imithe de phlimp as radharc i dtreo an ghrinnill. Chuala mé craic an dorú agus “ Foc!” ó Phil. Ní raibh fágtha ach miolagar uisce agus cúr san áit ina raibh sí. Thit ciúnas na hoíche timpeall orainn arís. Ní raibh giob ná géag ón mbád ar feadh meandair. Faoi dheireadh lig Phil cnead. “ Daichead punt ar a laghad” ar seisean i nglór toll marbhánta, ag lasadh toitín eile. “Nílim ag déanamh aon áibhéile… Daichead punt, agus chailleamar í.” Chuir suaimhneas agus séimhe a ghuth ionadh orm. Ag súil le heascainí agus le mallachtaí a bhí mé, ach a mhalairt ar fad a bhí aige. Lean sé air go meabhróideach, sollúnta. “Bhí fios a gnótha ag an iasc sin gan aon agó, chaithfidh gur bhraith sí duán nó dhó ina saol. Ach tá chiall cheannaithe agamsa anois freisin.”
“Ar a laghad bhí radharc againn uirthi” arsa mise, ag díriú an bháid ar chuan istigh anois. “ Chomh mór le crogall a bhí sí!”
“ Beidh mise agus tusa ar ais anseo chomh luath agus is féidir, leis an chóir cheart an uair seo, geallaimse duit, agus béarfaidh muid uirthi. Tá cosa an éisc sin nite. Beidh lá eile ag an bPaorach, mise a rá leat!”
Agus thángamar ar ais, arís agus arís eile i ndiaidh an lá éachtach sin. Ach ainneoin ár seacht ndíchill, tásc ná tuairisc ar an bhfathach éisc sin ní bhfuaireamar go brách arís.

“An Madadh beag míthreorach” le Seán Ó Muireagáin

Bhí sé an-óg nuair a tugadh isteach sa teach mhór é i dtús báire. Feirm a bhí ann cé nár aithin seisean sin ar an chéad dul síos. Chronaigh sé téagar agus teas a mháthar agus a cuid bainne ach go háirid. Ach bhí muintir an tí seo an-ghrámhar agus an-chineálta agus de réir a chéile d’éirigh sé sona sásta sa teach seo.

Thug sé faoi deara gach lá gur éirigh fear agus bean an tí nuair a scairt an coileach, agus dár leis féin go dtiocfadh leisean an rud céanna a dhéanamh fosta agus gach maidin bheadh sé féin ag gabháil ceoil in ard an ghutha leis an choileach. Dár leis an mhadadh bheag anois gur coileach beag é agus bhí sé an-sásta leis féin. Dúirt fear an tí lena bhean lá; “Níl mé iomlán cinnte an mbeidh an madadh beag seo fóirsteanach don fheirm má shíleann sé gur coileach é féin, bhéarfaidh muid tamaillín eile dó le feiceáil.” Níor thuig an madadh beag an comhrá seo ar chor ar bith.

Fásann coileán go gasta agus cheap fear an tí go raibh sé mór go leor anois lena chur amuigh sa chlós ina theach beag féin. Áit bhreá te a bhí ann agus flapa de dhoras air. Ach ba scáfar í an chéad oíche sin leis féin sa teach úr, ach ar chluinstin an choiligh dó le héirí na gréine ba mhór an faoiseamh a bhí air.

Rith sé amach as a theach ag ceol leis i sean ard a chinn. Is beag nár léim sé as a chraiceann nuair a chéad chonaic sé an coileach agus é ag scairtigh leis. Stop sé ag stánadh air ar feadh tamaillín ach ansin thoisigh sé féin ag scairtigh arís, ag cuidiú leis an choileach.

Ní mó ná sásta a bhí an coileach nuair a chonaic sé an madadh beag ag scairtigh in ard an ghutha! Choinnigh an coileach ag scairtigh leis agus an madadh beag fosta agus nuair a bhí an coileach réidh thug sé cúl a chinn ar an mhadadh agus shiúil an coileach stancánach isteach go bothán na gcearc. Lena chuid oibre déanta aige thiontaigh an madadh beag agus d’amharc thart le feiceáil cad é b’fhéidir leis a dhéanamh anois.

Chaith an madadh beag an lá ar fad ag taiscéaladh sa chlós. Bhí scioból mór dearg ag coirnéal amháin agus an teach mór feirme ag an choirnéal eile agus foirgnimh bheaga eile breactha thart ar an chlós agus bhí sconsa mór láidir le feiceáil thart ar an chlós fosta. Agus fiche slat os comhair an tí, bhí geata mór iarainn ann agus é druidte go daingean. Shiúil sé thart ar an sconsa ar fad go dtí go dtáinig sé ar pholl beag bídeach, chuir sé a cheann amach air ach ní dheachaigh sé amach, bhí an saol amuigh ansin rómhór dó go fóill, bhí se sásta leis an chlós seo san am i láthair.

Bhí fiche boladh le mothú ag an mhadadh agus cuid mhaith acu sin nár thaitin leis bán na dearg. Bhí callán difriúil gach áit fá dtaobh dó. Mhothaigh sé boladh ba láidre ná ceann ar bith eile ag teacht ó theach beag amháin. Chuala sé gnúsacht challánach ar leith ag teacht amach as an áit chéanna. Nuair a d’amharc sé isteach sa chró bheag seo cad é a chonaic sé ach trí mhuc mhóra agus iad ag sleamhnú thart ag pludaráil leo sa chlábar. An rud ba shalaí dá bhfaca sé ina shaol óg gairid! Níorbh fhéidir aon chuid de chraiceann na muc a fheiceáil leis an phluda uilig orthu.

“Cad é atá sibh a dhéanamh ansin?” ar sé leis na muca. “Ag súgradh!” a dúirt na muca leis. “Cad thuige?” arsa an madadh. “Obair s’againn í”. Cé go raibh na muca dubh salach, bhí an chuma orthu go raibh siad an-sásta leis an obair seo a bhí acu! “An bhfuil cuidiú ar bith a dhith oraibh?” a d’fhiafraigh an madadh agus é anois ag iarraidh páirt a bheith aige sa spraoi seo. “Níl ar chor ar bith,” ar siad go sonnta, “seo obair na muc, ní bhaineann an obair seo le madadh. Imigh leat agus déan do chuid gnoíthe féin.”

Go díreach ansin Priocadh cluasa an mhadaidh, thiontaigh sé a cheann ar an hap agus le cosa in airde, rith i dtreo an gheata mhóir agus é ag tafann leis, an bealach ar fad! Tháinig bean an tí amach le feiceáil cad é bhí dá chancrú, agus go díreach i ndiaidh di theach amach tháinig fear an phoist ar a rothar ag teacht aníos an bóthar agus beartán litreacha aige di. “Éist a mhadaidh.” Arsa an bhean. Ciúnaigh sé láithreach.

“Cad é mar atá tú inniu a bhean uasal?” a scairt fear an phoist. “ níl cáil ar bith orm” a d’fhreagair sí. “Agus tú féin?” Thóg sé an mála mór litreacha a bhí leis agus dúirt, “Ina dhiadh seo uilig beidh mé i gceart.” Shuigh sé suas ar a rothar arís chuir sé a chosa leis na troitheáin, chroith sé lámh uirthi agus d’imigh leis. Bhailigh bean an tí na litreacha agus shiúil ar ais chun tí.

D’amharc an madadh beag thart air féin arís agus dár leis go dtaiscéalfadh sé an scioból anois nó chonaic sé géanna ag dul isteach ann cé nach raibh a fhios aige gur géanna iad. Chuir sé a cheann isteach ar an doras le hamharc thart agus cé go raibh sé rud beag dorcha bhí sé in ann gach rud a fheiceáil lena shúile grinne. Bhí búrlaí féir cruachta ar bharr a chéile ag cúl an sciobóil ach ní raibh iomrá ar bith ar na héanacha sin níos mó, cé gur mhothaigh sé a mboladh go fóill. Ansin, thug sé faoi deara go raibh boscaí ann, stáblaí a bhí iontu ar ndóigh agus bhí capall mór istigh i gceann ámhain acu. Shiúil an madadh beag chuige go neamharach.

“Cé thú féin?”. Arsa an capall agus iontas air an madadh beag seo a fheiceáil. “Is madadh beag mé,” ar sé, agus creathach in a ghlór. “Cé thusa?” “Is mise an capall mór”, ar sé agus seitreach déanta aige le béim a chur air. “Cad é a dhéanann túsa anseo? A d’fhiafraigh an madadh beag go measúil. “Bhuel a mhadaidh, ní dhéanaim mórán níos mó ach bhí an t-am ann nuair a tharraing mise an céachta fríd an talamh seo ó bhreacadh an lae go dtí luí na gréine, ach anois ní dhéanaim ach a bheith ag rith sna páirceanna agus codladh sna stáblaí seo san oíche. Tá mé róshean anois le hobair ar bith eile a dhéanamh agus tá tarracóir ag fear an tí anois atá i bhfad Éireann níos fearr ná mé ag treabhadh sa ghort.” Níor thuig an madadh beag mórán den chaint sin ach bhí a fhios aige rud amháin, ní bheadh obair ar bith aige anseo.

Go tobann thiontaigh an madadh beag ar na sála agus rith amach as an scioból i dtreo an gheata arís, agus é ag tafann leis ach an t-am seo ba léir go raibh lúcháir le haithint sa tafann seo. Chuala bean an tí an callán seo arís ghlac sí leis go raibh duine éigin ag teacht chucu. Agus ar iompú boise, cé a tháinig fá ghrua an chnoic ach an feirmeoir agus é ar a tharracóir. Chroith bean an tí a ceann agus dúirt faoina hanáil, “madadh beag cliste.” Agus shiúil sí ar ais isteach sa teach.

D’fháiltigh an madadh beag roimh an fheirmeoir agus é ag teacht isteach agus shiúil siad beirt go dtí doras an tí. Chuimil an feirmeoir a cheann agus dúirt leis, “maith thú féin a mhadaidh, tá tú ag foghlaim go maith,” agus isteach leis sa chistín. Shuigh an madadh beag ar feadh tamaillín go dtáinig fear an tí amach arís agus babhla beag bí agus uisce aige don mhadadh. D’alp an madadh beag an bia uilig siar gan sos go dtí nach raibh a dhath ar bith fágtha agus d’ól sé a sháith den uisce. Ansin d’imigh sé ar ais go dtí an teach beag s’aige féin agus chuaigh a luí go sásta.

Mhúscail an madadh beag an mhaidin ina dhiaidh le gleo an choiligh agus rith amach le cuidiú leis arís. Bhí an madadh beag ag scréachaigh leis nuair a stop an coileach. “Cad é tá tú a dhéanamh a mhadaidh!” A bhéic sé. “Ag cuidiú leatsa atá mé.” A d’fhreagair an madadh. “Bhuel ná cuidigh liomsa mar sin de!” A scread an coileach. “Níl aon chuidiú ar bith a dhíth ormsa, is mise an coileach anseo, chan tusa.” Baineadh siar as an mhadadh bheag agus chrom sé a cheann agus d’amharc ar an talamh agus aiféala air. “Anois a mhadaidh, imigh leat agus déan do chuidse féin agus fág mise anseo le mo chuidse a dhéanamh!” Shiúil an madadh ar ais chuig a theach féin go mall fadálach agus beaguchtach air. Ba léir dó anois nach raibh aon chuidiú ar bith a dhíth ar dhuine ná ar ainmhí ar an fheirm seo. Agus mhothaigh sé chomh huaigneach anois agus a mhothaigh sé ar an chéad lá a scaradh é óna mháthair.

Níor fhág an madadh beag an teach sin an lá ar fad; fiú nuair a chuala sé daoine áirithe ag teacht chuig an gheata, agus níor thóg sé a cheann ón cheannadhairt bheag a bhí aige. Fiú nuair a tháinig fear an tí ar ais ón ghort, níor ghéill sé don scailéathan ina bholg. Fágadh bia agus uisce amuigh dó ach níor bhac sé leis sin ach an oiread. Ní raibh ocras air don chéad uair ina shaol. Bhí sé iomlán caillte anois agus ní raibh a fhios aige cad é a bhí sé a dhéanamh anseo. Ní raibh a fhios aige cad é an obair a bhí le déanamh aige anseo. Thit se ina chodladh ach níor chodail sé go maith, ag tiontú agus ag únfairt an lá agus an oíche ar fad.

Go luath an mhaidin sin sular éirigh an ghrian fiú, chuala an madadh beag callán nár aithin sé. Bhí na cearca ag déanamh fothram ach ba léir don mhadadh go raibh eagla orthu nach dtiocfadh leis beagchúram a dhéanamh de agus shiúil sé amach fríd an flapa le feiceáil cad é a bhí ag cur as dóibh. D’éirigh an gleo níos glóraí agus rith an madadh beag chuig teach na gcearc agus isteach leis. Bhí boladh ann nár mhothaigh sé ariamh. Bhí eagla air féin anois ach bhí a chroí ag clogadadh leis an challán agus an ruaille buaille uilig agus in ainneoin a eagla bhí sé flosctha chomh maith. Bhí sé dubh dorcha sa bhothán sin ach bhí an madadh in ann cruth madaidh eile a aithint agus greim aige ar mhuineál an choiligh agus an coileach ag troid go cróga. Léim an madadh beag isteach agus nocht sé an draid agus dhrantaigh sé go bagarthach.

Chonaic an madadh rua é agus cé gur madadh beag é bhí sé chomh mór leis an mhadadh rua féin agus ní raibh seisean sásta seans a ghlacadh agus d’imigh sé leis an méid an bhí ina chnámha. Lean an madadh beag é go bhfaca sé é ag imeacht amach fríd an pholl bheag sa sconsa a chonaic sé féin an lá roimhe agus bhí sé ag tafann leis gur imigh an madadh rua as radharc.

Bhí bunú an tí anois ina suí. Soilsí an tí lasta agus fear an tí ag rith amach agus gunna gráin leis. D’amharc sé ar na cearca agus ar an choileach agus thug sé faoi deara nár cailleadh aon cheann acu. D’amharc sé thart go bhfaca sé an madadh beag ina sheasamh ag poll sa sconsa. “Maith thú féin a mhadaidh.” Ar sé, agus rug sé ar an mhadadh. “bullaí jab a mhadaidh, bullaí jab.” Bhí na hainmhithe uilig anois ina suí agus iad uilig ag scairtigh agus ag béicigh, agus iad uilig ag scairtigh “Maith thú a mhadaidh, maith thú!”

Tháinig an coileach chuige agus d’amharc sé sna súile ar an mhadadh bheag. “Shábháil tú mé ansin, mise agus na cearca, a mhadaidh. Beidh mé i mo bhun go deo duit. Tá a fhios agam go maith anois cad é an obair atá agat sa chlos seo, is tú garda an chlois! Ar nós an sconsa sin, tá tú anseo le muid a chosaint, agus is seo amach sin an t-ainm a bheas ort, Sconsa!” Bhí ainm ag an mhadadh anois agus bhí se an-bhródúil as an ainm sin a bheith air. “Maith thú a sconsa!” a bhéic na hainmhithe eile.

Le héirí na gréine an lá sin tháinig an coileach amach agus rinne sé an lá a fhógairt mar nach ndearna sé ariamh roimhe! Ní raibh Sconsa ann an t-am seo, thuig Sconsa féin go raibh a chuid oibre féin aige anois. Shiúil sé thart ar an chlos ag beannú do chách agus iad uilig ag beannú dó. “Maidin mhaith a Sconsa.” A dúirt na géanna leis amhail is go raibh sean-aithne acu air. “Cad é mar atá tú ar maidin a Sconsa?” A d’fhiafraigh na muca. Bhí an madadh beag anois lán sásta leis an obair a bhí aige agus é ina gharda sa chlós seo!

“Ar Cuairt ag Bettina” le Sylvia Bledow

Bhí grian gheal na Feabhra ag soilsiú orm agus mise ag tarraingt i dtreo an stáisiún traenach. Fuacht Artach a bhí ann an lá sin i ndeisceart na Gearmáine. Ghoill sí go crua ar na daoine nach raibh taithí acu ar a leithéid de neamhthrócaireacht ach i ndiaidh chúpla bomaite líon sí le fuinneamh iad. Bhí sé teolaí sa traein, áfach, agus ba bheag nár chuir teas agus luascadh rithimeach na traenach codladh orm.

Dhúisigh mé go tobann as taibhreamh na súl oscailte. Cad é mo threo-sa inniu? Cá rabhas ag dul? Chuig Bettina. Tabharfaidh mé cuairt uirthi inniu. Agus toisc nach dtaitníonn liom tiomáint sa sneachta agus san oighir tá mé anseo agus turas fada romham. Bhí teachtaireacht Bettina le léamh i Facebook. Bettina. Bhí sí ina scoláire agam blianta ó shin. Bettina. Lena bhuailinn ó am go ham ag eachtraí cultúrtha sa chathair. In oispídéal i ndiaidh cos á briseadh agus ansin sa chlinic athshlánúcháin. Bhí iarrtha agam an bhféadfainn cuairt a thabhairt agus dúirt sí go mba bhreá léi mé a fheiceáil.

D’fhág mé an traein agus d’aimsigh mé stad bus i dtreo an chlinic. Duine ar leith í Bettina. Spina bifida atá uirthi. Bhíodh sí ábalta siúl le cuidiú gabhlóg agus í ina girseach bheag. Bhíodh toc-toc na gabhlóg lena coiscéimeanna tomhaiste le cloisint i gclós na scoile agus í ag glacadh páirte i gcluichí agus i gcomhrá na gcomrádaí. Agus í ag teacht in inmhe d’éirigh sí ró-throm do na cosa laga agus b’éigin di dul i dtaithí ar saol sa chathaoir rothaí. Cailín diongbháilte a bhíodh inti. Ní scoláire den scoth ach bhí sí meáite ar an Abitur, an Ardteist Ghearmánach. Bhí ranganna ullmhúcháin don scrúdú in uachtar tí na scoile. Socraíodh ardaitheoir speisialta don chathaoir rothaí ar an staighre ard ar a son. Théadh sí trí urlár suas agus trí urlár síos dhá uair gach lá. Thugaimis múinteoirí cuidiú léi ach bhíodh faitíos orainn nach n-éireodh léi san Ardteist. Faoiseamh ollmhór a bhí orainn nuair a d’éirigh léi pas a fháil. Chuaigh sí chuig ollscoil; roghnaigh oideachas; fuair sí céim agus tá sí ag múineadh sa mheánscoil le sé bliana anuas. Tá cónaí uirthi ina haonar in árasán agus tá carr le háiseanna speisialta aici.

Thug mé aghaidh ar an Chlinic, Barda Pairilis. Bhí Bettina ag fanacht orm san fhorsheomra.

“Is aoibhinn liom gur tháinig tú ar cuairt chugam!” ar sí. “I dtús báire, taispeánfaidh mé duit mo sheomra. Ina dhiaidh sin, is féidir linn caife a ól.”

Chuaigh muid san ardaitheoir go dtí a seomra. Seomra mór dúbailte a bhí ann. Bhí flúirse cártaí ó áiteanna éagsúla ar bhoird bioráin agus béiríní ar an dtábla. Chuir sí mé in aithne dá comrádaí seomra, bean meán-aosta a bhí ina luí agus feadáin insilte uirthi.

“An créatúr!” arsa Bettina agus muid amuigh sa phasáiste arís. “Duine breá í. Nach ormsa atá an t-ádh bheith in aon seomra léi! Réitímid le chéile. Ní chuireann sé isteach uirthi ar chor ar bith agus mise ar an ghuthán an t-am ar fad. Scéal fíorbhrónach atá aici. Tá tinneas aisteach uirthi nach dtuigeann aon dochtúir agus tá a cuid matán ag lagú. Bhí obráid chontúirteach aici mí ó shin agus ní raibh ach 50% de
dhóchúlacht mharthanais ann. Tháinig sí slán as ach níor tháinig aon fheabhas uirthi. Beidh obráid eile aici i gceann cúpla seachtaine ach ag Dia atá a fhios an dtabharfaidh sin cuidiú di.”

“Agus an bhean atá sa seomra seo,” agus í ag stiúradh a cathaoir rothaí thar doras eile, “is measa ar fad an scéal atá aicise. Bím ar cuairt aici uaireanta nuair a bhíonn sí in ann cur suas le daoine eile.
Ach anois téimis síos go dtí an caife.”
Bheannaígh dochtúir di agus muid ag fanacht leis an ardaitheoir. Rinne siad comhrá éadrom gur tháinig an t-ardaitheoir.

Cheannaigh mé dhá chupán caife agus dhá sliosag císte agus shuigh muid síos in aice leis na ballaí gloine. Bhí radharc maith againn ar na daoine sa chaife agus ar na daoine a bhí ag sileadh amach go clós an chlinic d’fhonn gathanna gréine a ghlacadh. Sruth cathaoireacha rothaí bhí ann. Chroith corrdhuine lámh chuig Bettina.

“Tá an chuma go bhfuil aithne ag gach duine ortsa, Bettina.”

“Cinnte, tá. Nach minic go leor a bhím anseo? An-bhlasta an císte seo, nach ea? Caithfidh mé a rá go ndéanann siad císte an-mhaith anseo, an císte seacláide ach go háirithe.”

“An mbíonn ort teacht anseo go minic, mar sin?” An bhean bhocht seo, a shíl mé liom féin.

“Ní d’éigean a bhím ag teacht. Oibrím anseo dhá Satharn sa mhí mar chúntóir dheonach.
Tagaim i mo charr féin. Tugadh áit pháirceála ar leith dom.”

D’fhan mé i mo thost, díchreidmheach.

“Tá liosta feithimh fada ar bheith istigh mar othar anseo.Tar éis na hobráide ar mo chos chuir mé féin glaoch ar phríomhdhochtúir an bharda.
‘A Bettina, conas atá tú?’ ar sé.
‘An féidir liom teacht chugaibh amárach?’ a d’fhiafraigh mé de.
‘Cinnte, is féidir! Nach bhfuil a fhios agat san?’
‘Ach is mian liom teacht mar othar! An bhfuil spás agaibh domsa?’ ar mise.
‘Ag magadh atá tú!’ ar sé.”
Bhí súile Bettina ag rince le haoibhneas agus í ag cuimhneach air.
“’Níl mé ag magadh, faraor!’ a dúirt mé.
‘Bhris mé an chos chlé. Thit mé amach as mo chathaoir rothaí agus mé ag dul síos céim bheag sa scoil. Bhí obráid agam cheana féin agus anois tá cóiriú athshlánúcháin de dhíth.’
‘Fadhb ar bith, a stór!’ ar sé. ‘Tá sé plódaithe anseo mar a bhíonn ach dhéanfaidh mé spás duitse ar an bpointe!’
Tugadh anseo mé, mar sin,” a dúirt sí agus miongháire uirthi.

Thug mé faoi deara den chéad uair a tarraingtí is a bhí Bettina. Bhí a súile glasa ag lonradh. Bhí cóiriú gruaige mealltach uirthi, a cuid smidiú déanta go foirfe agus muince deas faiseanta ar a muineál geal. Bhí sí ar a sáimhín só sa timpeallacht seo, i gcodarsnacht lena saol scoile tráth, agus bhronn an sonas áilleacht uirthi.

“Ní chreidfeá na drochscéalta a bhíonn ag na daoine a thugtar anseo agus an oiread fadhbanna a bhíonn acu,” ar Bettina. “Níl mórán duine anseo a bhíonn taithí acu ar an mhíchumas shiúil mar atá agamsa. Ardtráma atá orthu. Tagann siad anseo toisc gur d’fhág taisme nó galar éigin pairilis orthu. Nó gur dhein siad iarracht ar fhéinmharú. An bhfeiceann tú an fhuinneog sin thuas agus na cuirtíní dúnta?” a d’fhiafraigh sí méar á dhíriú ar áit éigin ar mo chúl.

“Sin seomra atá ag bean óg in ngar do mo sheomra féin. Shiúil muid thairis ar an bhealach go dtí an t-ardaitheoir, an cuimhin leat? Tar éis bhreith a céad linbh bhuail dúlagar iarbhreithe í go fíordhona. Níor thug aon rud leigheas di. I ndiaidh cúpla seachtaine rinne sí iarracht lámh a chur ina bás féin. Léim sí tríd fhuinneog ón dara urlár. Theip uirthi ach d’fhág san ina pairiliseach í. Agus ansin bhí trúig leanna dubh níos measa fós aici! Tharla sé trí bliana ó shin. Bíonn sí anseo san athshlánúchán nó in otharlann síciatrach leath na haimsire. Tagann racht feirge uirthi go minic agus bíonn sí dosmachtaithe ar fad. Ní foláir í a chosaint uirthi féin. Ach uaireanta bíonn tú ábalta labhairt léi mar dhuine. Duine deas í Christiane. Ní fhaca mé í le tamall. Is dócha go bhfuil sí go dona faoi láthair.”

“Agus an leanbh?” a d’fhiafraigh mé.

“Tá sí ceart go leor. Cogar, ar mhiste leat caife eile a thabhairt dom?”

“Níor mhiste, cinnte.”
Cheannaigh mé an caife.

“Is faoi chúram a hathar atá an ghirseach bheag. Scar fear céile Christiane uaithi le déanaí. Ní raibh sé in ann an saol in éineacht léi a sheasamh a thuilleadh. Is féidir leat é a thuiscint, nach féidir? Ach tá sé ina athair maith geanúil agus tagann sé go rialta lena n-iníon bheag le cuairt a thabhairt uirthi .”

“Cad é a dhéanann tú leis na daoine agus tú ag obair anseo?” a d’fhiafraíos di.

“Ó, flúirse rud! Bímid ag cócaireacht, ag imirt cluichí, ag scéalaíocht. Braitheann sé. Bíonn meas mór ar mo chuid oibre ag na dochtúirí agus na haltraí.”

“Tá mé cinnte go mbíonn,” ar mé. “Agus conas atá do chuid oibre mar mhúinteoir scoile anois?”

“Tá sé go breá! Mairg nach bhfuil mé ábalta teagasc faoi láthair. Bearna mhór atá sa scoil agus mise as láthair! Agus cronaím uaim na daltaí. Dála an scéil, a bhfuil a fhios agat cén t-ábhar is mó a bhím ag teagasc faoi láthair? Béarla! Agus na haistí lán le meancóga a scríobhainn tráth! An féidir leatsa é a shamhlú, mise ag teagasc Béarla?”
Bhris an gáire uirthi.

“Is féidir, gan fadhb, a Bettina. Táim an-bhródúil asat!”

Labhair muid faoi mhúineadh an Bhéarla mar theanga eachtrannach agus Bettina ag míniú dom na cleasanna a úsáideann sí lena daltaí a spreagadh.

“Ach an rud is mó a bhainim sult as ná gríomhaíochtaí deonacha leis na scoláirí. Tá grúpa beag daltaí agam a thagann le chéile uair sa seachtain. Téimid chuig teach altranais. Tá daoine ann nach bhfuil aon teaghlach acu nó aon teagmháil le daoine lasmuigh den teach. Níl gairdín ar bith ag an teach sin agus bíonn siad lánsásta agus na déagóirí dá mbrú thart ina gcathaoireacha rothaí. Agus bheadh iontas ort a chineálta is a bhíonn na déagóirí is measa sa scoil agus iad in éineacht leis na seandaoine is ansa leo.”

“An mbíonn tusa á dtionlacan i do chathaoir rothaí féin ansin?”

“Bím, cinnte. Spraoi agus spórt a bhíonn againn.”

Lean an sruth daoine amach as an fhoirgneamh, daoine le siúladáin, daoine ag siúl le cuidiú gabhlóg, agus, ach go háirithe, daoine i gcathoireacha rothaí. Amach leo faoi sholas na gréine. Na hothair ag comhrá lena gcúramóirí nó le hothair eile, beirt agus beirt, i ngrúpaí beaga nó ina dtost ag baint suilt as an ghrian.

“Amharc ar an fhear sin amuigh os cionn an dorais, an fear mór ramhar le siúladáin,” ar Bettina agus í ar smeachaíl a teanga. “Tá sé ag caitheamh toitín arís. Ach tuigim dó. Tagann sé anseo ó am go ham nuair a fhágann neart na ngéag é. Níl aon chur amach ar a thinneas ag na dochtúirí. Agus dúirt sé liom nach mbaineann sé an oiread suilt as rud ar bith seachas tobac. Fear greannmhar é d’ainneoin sin. Bím ag gáire an t-am ar fad lena chuid ciútaí. ”

“Conas atá do thuistí?” a d’fhiafraigh mé di ag smaoineamh ar an lánúin nach raibh óg a tuilleadh nuair a rugadh í.

“Níl m’athair ró-mhaith faoi láthair. Tá súil agam go bhfeabhsóidh sé go luath. Mura ndein, níor chóir dom dul go dtí an Bhrasaíl imbliana.”

“An raibh tú sa Bhrasaíl, mar sin? Chonaic mé ar Facebook go bhfuil Portaingéilis mhaith agatsa ach ní raibh a fhios agam cén fáth sin.”

“Tá, go deimhin, agus níos fearr ná mo chuid Béarla, ar an drochuair! Bhí mé cúig uaire sa Bhrasaíl cheana féin. Bím ag obair mar oibrí sóisialta i ndílleachtlann i Sao Paolo.”

“An mbíonn? Go hiontach! An dílleachtaí bitheolaíocha nó dílleachtaí sóisialta iad?”

“Sóisialta, ar ndóigh. Den chuid is mó is leanaí striapach iad. Níl a fhios ag na mná bochta sin conas déileáil lena gcuid páistí. Is féidir leat a shamhlú go bhfuil a saol sa dílleachtlann i bhfad níos fearr ná an saol a bheadh acu sna sráideanna Sao Paolo. Bím ag imirt cluichí agus ag rince leo, mise sa chathaoir rothaí agus iad ar a gcosa. Daoine an-oscailte na páistí sin. Táimid an-mhór le chéile. Bímid ag…”
“A Dhia dhílis! ‘s í féin! Cnag ar an fhuinneog! Christiane! Cnag go tapa , le go bhfeicfidh sí mé! Tá sí ansan lasmuigh, Christiane, an bhean faoina raibh mé ag labhairt leat. Ní chreidim é!”

Chas mé agus chonaic mé bean óg dathúil agus gruaig fhada dhubh uirthi i gcathaoir rothaí in aici leis an fhuinneog. Pluid bhreacán dhearg a bhí ar a cabhail sheang.
Ar a ceannaithe fínealta bhí miongáire ainglí. Bhí a súile dubha lonracha ar leathadh agus iontas linbh a fheiceann rud álainn den chéad uair.
An bhfaca sí a raibh roimpi nó ar amharc sí tríd ar rud ina hintinn féin?

Chnag mé ar ghloine dhlúth na fuinneoige chomh láidir is a b’fhéidir liom. D’amharc sí le fioscracht inár dtreo. D’aithin sí Bettina agus í ag croitheadh láimhe go bríomhar chuici. Chroith sise lámh ar ais. Ansin bhrúigh a cúramóir a cathaoir rothaí amach ar an chlós.

“Nach iontach é sin?” ar Bettina. “Rud nach raibh súil ar bith agam leis! Iontas na n-iontas! Ní fhaca mé an méid áthais uirthi riamh roimhe seo. Rachaidh mé chuig a seomra níos déanaí le haghaidh píosa comhrá. Lá ar leith atá ann inniu!”

Lig sí osna. “Tá súil agam go bhfanfaidh píosa sonais aici ar feadh tamaill. Ní bheidh mise anseo ach seachtain nó coicís eile. Beidh mé ag dul abhaile agus tá mé lán-sásta leis ach…
B’fhéidir nach dtiocfaidh mé ar ais mar chúntóir dheonach i gceann míonna. Cara atá de dhíth uirthi. Is dócha nach bhfuil cara eile aici seachas mise. Teiripigh, a muintir féin, a fear scartha, a hiníon, cinnte, ach ní hiad cairde.”

D’fhan sí ina tost ar feadh cúpla nóiméad.
“Anois ba chóir dom dul suas. Beidh fisiteiripe agam i gceann leathuaire. Go raibh míle maith agat as do chuairt.”

D’fhág muid slán ar a chéile. Chas Bettina agus as go brách léi ar luas ina cathaoir rothaí.

Agus mé ag dul amach bhí na scáthanna ag éirí níos faide. Ní raibh ach corrdhuine sa chlós go fóill. Bhí na solais i seomraí an bharda pairilis á lasadh. Thosaigh gnáthcúrsaí an tráthnóna. Coitiantacht le cuma neamhchoitianta dúinne nach bhfuil taithí againn orthu.

An t-aer fuar a dhúisigh mé. D’amharc mé ar m’uaireadóir. Bhí sé déanach – b’éigean dom deifriú le nach gcaillfinn an bus agus an traein. Agus mé ag rith i dtreo an stad bus mhothaigh mé mo dhá chos, mo dhá chos slántúla a iompraíonn mé tríd an domhain gan stró. Céimeanna, cnoic, staighre, gairbhe na talún – fadhb ar bith acu leo. Níor theip orthu an lá seo ach oiread: ghéill mo dhá chos do mo thoil mar a bheadh draíocht iontu agus ba ghearr go raibh mé ar an traein abhaile.

“Bean an Tiarna” le Eibhlín Nic Lochlainn

Blianta ó shin, fuair an Monsignor – Uachtarán Choláiste na mBuachaillí litir ó Shasana. Chuir an litir íonadh agus athás air. Bhí sé bearthaithe ag an mbean uasal seo teacht ar chúirt chuige féin agus chuig an gColáiste. Bean an Tiarna Peel a bhí í gceist.

Dúirt sí go raibh dlúth-bhaint idir an Tiarna agus Iár na tíre seo, i bhforbairt daoine óga. Bhí suim mhór aige iontú agus chaith sé a dhóthain ag iarraidh fadhbanna oideachais na ndaltaí a réitheach. Bhí sé ar intinn aige teacht arais, ach faraoir, d’éag sé dhá bhliain ó shin, fuair sé bás anabaí.

“Fear fíal flaithiúil ab ea m’ fhear chéile, daonchara agus fealsamh, grásta Dé air. Táim tromchríoch fós,” ar sise. “In onóir dó, tá plean agam. Tiochfaidh mé agus déanfaidh mé mo dhícheall cruatan na ndaltaí a leasú. Beidh mé ag an aerfort I mBaile Atha Cliath seachtain ón lá seo amach. Ar mhiste leat do thiománaí a bheith ansin romham?” Adeir sí sa litir. “Rachaidh mé féin i do choinne,” ar seisean

Ar ndóigh bhí an Monsignor lán sásta, mar bhí sé ag tnú le carn mór airgid ón eachtra seo.
Ghlaoigh sé ar na cailíní aimsire agus ar an mbeirt bhan misniúil a bhí ag obair leo – beirt bhan rialta.
“Beidh cuairteóir uasal againn an tseachain seo chugainn,” ar seisean. Dúirt sé gur mhaith leis gach áit a bheith cíortha cóirithe, agus béile blasta a bheith réidh. Gheall sé togha gach bia agus rogha gach dí do’n ocáid.

“Tá sé ar intinn agam” ar sé ansin, “cuireadh a thabhairt do’n easbog, do’n sagart paróiste, do’n príomh oide agus an leas príomh oide, comh maith leis an mbeirt sagart atá conaí acu sa coláiste.”
“Beidh na soilse ar lasadh, snas ar an urlár agus féile, oiriunach do rí, réite,” arsa an tSiúr Máire, ach ar leaththaobh do’n Siúr eile:
“Is trua nach gasúirín fir a rinne Dia díom,” ar sise.
“Ná bíodh imní ort a Mhaire, tiochfaidh ár lá,” arsa Peig.

Bhuel tháinig an trathnóna agus tháinig ‘Bean an Tiarna’. Shuigh na haoieanna ag an mbord. Bheannaigh an Monsignor an bia. Chuir sé fíor chaoin fáilte roimh cách, go háirithe roimh Bean an Tiarna. Bhí an t’atmaisféar sona. Ba mhaith leis na sagairt ómos a thaispeaint agus bhí said thar a bheith múinte. Labhair said go binn ciúin, cluas na h’éisteachta ortha uilig. Anois is arís bhí tagairt do na scéimeanna beartaithe le feabhas a chur ar na háiseanna sa scoil ach mo léan bhí an t’airgead in easnamh.

“Mothaím” arsa an Monsignor “go bhfuil tacaíocht ag teacht!” Chrom ‘Bean an Tiarna’ a ceann go béasach agus meangadh gáire uirthi. Bhí sé intuigthe go raibh lear mór airgid sa sparán aice agus fonn uirthi é a chur ar fáil chucu. Le guí, grá agus mealladh sleamhnaigh an oíche thart.

An lá dar gcionn, taréis bricfeasta breá, amach leí do na seómraí ranga in éineacht leis an príomh oide. Bhí ord agus eagar ar gach rud agus cuma críonna ar na mic léinn. “Tuilleann na daltaí seo gach buntáiste agus cúntas ar fáil, mar bainfidh said leas as,” ar sise leis an príomh oide.
“Gan amhras,” ar seisean.

Shiuil said amach do’n pháirc imeartha. “Ar mhiste leat stair an choláiste a insint dom,” ar sise. “Chuala mé óm’ fhear chéile, an Tiarna, grásta Dé air, go raibh óiche mhór stoirme ann agus gur maríodh an t’Iarla agus a bhean. Tá said beirt curtha sa tuama anseo?” “Tá a lán scéalta againn ó óiche mhór na gaoithe, fíor scéalta agus finn scéalta ach ní fheadar cé acu is mó fíor scéalta nó finn scéalta iad. Tháinig na scéalta anuas ó ghlúin go glúin. Má tá an t’am agat is féidir liomsa an fíor scéal a insint?” “Ní fiu an tairbhe an trioblóid anois, gura maith agat. Tá orm imeacht go Baile Átha Cliath go luath, ach ba mhaith liom seoda ealaíne an choláiste a fheicéal.”

Chuadar beirt isteach sa leabharlann. Ní raibh ciste mór de sheoda spéisiúla ann. Bhi cailíse d’ór agus roinnt nithe eaglasa ann, chomh maith le pictiúiri ó ealaíontóirí cáiliúla. Ina measc bhí tae-phota beag gleóite. Thóg sí
suas an tae-phota agus bhí sí á láimshéail go cúramach. “Is deas an féirín é.”

Ba léir do’n príomh oide go raibh spéis aice sa tae-phota. Chuir sé scéala chuig an Monsignor. Dúirt sé leis gur mhaith leí cuimhneacháin fé leith ón ócáid speisialta seo, agus gur thaithnigh an tae-phota léi.
“Cinnte,” arsa an Monsignor. “Tóg dí é agus fáilte. Mo léan, níl ann ach seóidín beag bídeach. Ní fiu mórán é.”
Ghabh sí buíochas agus dúirt go mbéadh sí ag smoineamh ar na laethe geala seo ’s í ag breathnú ar an seóidin beag ar a mantal. As go brách leo ansin, í féin agus an Monsignor.

Ag an aerfort luaigh sí gur fhág si cludach lithreach dó sa seómra suite. D’fhill sé abhaile go tapaidh agus fuadar faoi. Níor lig sé a scíth gur shroic sé an seomra suite agus an oidhreacht a bhí ag feitheamh leis. D’oscail sé an clúdach, bhí litir gearr do léite í scríbhneoireacht chaolchrúbach ann. Ní hamháin go raibh an litir doléite ach ní raibh tada ann, bhí an clúdach folamh. Croithead go bonn é, is beag nár thit sé as a sheasamh. Bhí sé chomh lag le tráithnín le breathnú air.
“Nach mise an pleidhce cruthanta,” ar seisean leis féin. “Níl inti ach fás aon oíche. Chuir si dallamullóg orm ach is mé atá ciontach. Conas a bhí mé chomh místuama sin? Shantaigh mé an t-airgead ‘s níor chuir mé ceist dá laghad uirthi. Beidh mé im’ cheap magaidh feasta. A Dhia déan trochaire orm.”

Rinne Dia tróchaire air. De réir a chéile thainig an t’easbog agus na sagairt chuige. Rinneadar comhbhrón leis mar bhí an t’eagóir a rinne ‘Bean an Tiarna’ ag goilliúint ortha uile. Dár leo bhí said go léir santach agus místuama. Nár méanar dá dtigeadh leo feabhas a chur ar an scéal? “Leigheas níl air ach foighne agus is binn béal ina thost,” arsa an príomh-oide. D’aontaigh said leis.

Maidir le ‘Bean an Tiarna’ nuair a shroich sí a teach beag féin i mBirmingham thosaigh sí comhrá le Sotheby i Londain. Seo síos giota de’n agallamh:
“Sea” ar sise “is dóigh liom go bhfuil an tae-phota ríluachmhar”.
“Tóg chugainn é agus tabharfaidh muid praghas duit.”

Go bhfios dom ní fhaca an Monsignor, moladh le Dia, an fógra seo thíos ar an bpaipéar: “Fuair bean anaithnid leath mhilliún, (£500,000.)mar luach ar tae-phota gleóite a tughad dí mar bhronntanas agus í ar chúirt in iathar na hÉireann. Fuair sí an luach sin mar deirtear gur ó Thuaisceart na Síne a tháinig an tae-phota, ó ré órga na Síne ón tréimhse a tugtaí an “Song Dynasty”air.

Dar ndóigh bhí ‘Bean an Tiarna’ sásta leí féin agus thar a bheith sásta go raibh tréimhse na Mná sin thart go deo. “Ní mise an mise a chonaic an Monsignor,” ar sise, “Is mise Peigín, iníon Mháire Thaidhg agus sin a bhéas gach lá feasta. Ni chaithfidh mé lá eile choíche im’ chailín aimsire ‘sna títhe móra. Rachaidh mé arais go Connemara agus ceannóidh mé teach deas cois fharraige dom féin agus dom mhuintir. Beidh saol brea bog agam agus caighdeán maireachtála ar mo thoil féin.”

Chuimnigh sí ar a h’ athair. Bhead sé bródúil aisti go deimhin. Nár mhinic a chuala sí é a rá; ‘an té nach bhfuil saibhir ní foláir do bheith glic.’ Ansin thóg sí amach a peann agus ina scríbhinn do-léite, líon sí seic gurbh fhiú €50,000 é. Shéol sí é don Monsignor, chun dul chun cinn an choláiste; ach níor luaigh sí a hainm féin ná a seoladh.

“Coimhlint” le Pádraig Mac Congáil

“Ceithre chinn eile nuair atá tú réidh”, a dúirt Críostóir le fear a’ bheáir agus é ag tarraingt pionta os a chomhair d’fhear eile thíos ag bun an bheáir.
“Tabharfaidh mé síos chugaibh iad”, a d’fhreagair sé le Críostóir, ag sméideadh a chinn i dtreo na dtáblaí faoin a raibh Críostóir agus a chomrádaithe ón chúrsa cruinnithe.
“Maith thú”, arsa Críostóir mar a thiontaigh sé agus d’fhill sé chun a chathaoireach.
“Tá sé ag dul a theacht aníos leo”, a d’fhógair sé don triúr eile nach raibh i bhfad ó bhun a ngloiní. An ceathrar acu siúd a bhí ina suí thart fán tábla seo, ach bhí scór nó mar sin díobh amuigh agus iad uilig ina suí timpeall na dtáblaí eile thart orthu.

Oíche dheireanach an chúrsa a bhí ann i ndeireadh na dála, agus is beag duine nár tháinig amach díobh siúd a bhí fágtha. Bhí duine nó beirt a d’imigh abhaile cosa in airde nuair a tháinig críoch le ranganna an lae sin níos luaithe mar is gnách, ach bhí scaifte breá fágtha chun faire fhiúntach a thabhairt don chúrsa.

Ní tréimhse rófhada í seachtain nuair a bhíonn tú gnóthach ag foghlaim teanga, nó b’shin a shíl Críostóir ar a laghad. Tharraing a raibh ar an chúrsa ar an Ghleann tráthnóna Dé Sathairn seo caite, seachas an corrdhuine a tháinig lá nó dhó ina dhiaidh sin, agus bheidís uilig ag dul abhaile arís maidin amárach chun an mhéid a bhí fágtha den deireadh seachtaine, lá go leith nó mar sin ag brath ar áiteanna cónaithe na ndaoine féin, a chaitheamh ag ligint a scíthe roimh mhaidin Luain, a thiocfadh go ró-luath mar is dual di i gcónaí.

Ba ar dhaoine fásta a raibh ard-chumas sa Ghaeilge acu a bhí an cúrsa dírithe, agus múinteoirí a bhí i gcuid mhór den dream a d’fhreastail air dá bharr. Is iomaí comhrá agus díospóireacht a bhí acu ar an mhúinteoireacht is ar chúrsaí teagaisc ó thús an chúrsa mar sin, rud a bhí ag cur as do Chríostóir faoin oíche seo beagainín.

Dubh dóite de roinnt na n-acmhainní agus den phlé ar na suíomhanna idirlín is úsáidí a bhí Críostóir. Dubh dóite den bhréag agus den áibhéil.

Shíl sé go mbeadh sé slán anocht dá suífeadh sé leis an triúr seo. Ní raibh duine ar bith acu ina múinteoir gairmiúil, agus níor thóg ach duine amháin acu ranganna de chineál ar bith. Lorcán an t-ainm a bhí airsean agus ag cur ranganna ar fáil d’fhoghlaimeoirí ina chlub CLG áitiúil a bhíodh seisean. Bhí a mhac ag imirt ar fhoireann den chlub agus toisc gur tógadh Lorcán féin le breac-Ghaeilge agus é ag fás aníos, bhí suim aige insan teanga agus bhí sé ag iarraidh í a scaipeadh ina cheantar tuaithe.

Beag beann ar easpa cáilíochtaí múinteoireachta an triúir, breá sásta cúrsaí móra an teagaisc a phlé anocht a bhí siad ón chuma a bhí ar an scéal.
“Cad é a thugann siad ort féin mar sin, a Chríostóir?” a d’fhiafraigh Lorcán.
“Huh, cad-, cad é sin a dúirt tú?” a d’fhreagair Críostóir mar a thiontaigh sé thart chun a aghaidh a thabhairt ar na fir in aice leis arís i ndiaidh dó a ainm a chluinstin. I ngan fhios dó féin, ag amharc ar an bheirt bhan a bhí i ndiaidh éirí agus damhsa a chur ar siúl, cé nach raibh fear a’ ghiotair ach ag ullmhú a threalaimh go foil, a bhí Críostóir ar feadh cúpla bomaite anuas. Ní raibh sé ag éisteacht leis an chomhrá thart air. Ar an obair mhór a bhí le déanamh sna míonna is sna blianta le teacht a bhí a intinn féin. Is beag bomaite nach raibh Críostóir ag smaoineamh ar a obair leis an fhírinne a dhéanamh.
“‘Cad é a thugann siad ort féin?’, a dúirt mé. Na páistí i do ranganna atá i gceist agam”.
“Ó sea sea”, arsa Críostóir, d’amharc sé síos ar an tábla agus chonaic sé go raibh pionta úrnua os a chomhair agus é síothlaithe go maith fán am seo. Níor thug Críostóir fear a’ bheáir ag teacht anuas faoi deara fiú.
“A Chríostóir, a mhúinteoir, a mháistir Uí Rathaille, a dhuine uasail? Cad é a thugann na páistí ort? Ní maith liom féin é nuair a chluinim páistí bunscoile ag scairteadh ainmneacha a múinteoirí, nó níos measa arís, ainm an phríomoide, os comhair an tsaoil mhóir.”
“Sea, aontaím leat ansin a Lorcáin caithfidh mé a rá. Dímheas atá ann, dímheas. ‘A mháistir’ a thugann na daltaí orm féin, ach b’fhéidir go bhfuil sé sin ró-sheanfhaiseanta do na gasúraí is do na girseachaí óga seo a bhíonn anois ag teagasc”, arsa Críostóir, agus é ag teacht chuige féin arís, mar a sméid sé a cheann i dtreo an tábla ag a raibh lear mór de bhabaithe an chúrsa ina suí. Babaithe a thug na fir meánaosta seo orthu, cé go raibh siad uilig ag dul anonn ina bhfichidí ar a laghad.

Chroith an triúr a gcinn le chéile ag an am céanna, ag léiriú nár smaoinigh duine ar bith acu go raibh a leithéid agus rud seanfhaiseanta ann.
“Anois, fuair muid ár sáith den teagasc an tseachtain seo, idir ranganna agus díospóireacht”, arsa Críostóir. “Fágfaidh muid ar leataobh anois é. Ciúin go leor a bhí tú féin faoi do phost an tseachtain seo a Lorcáin. I do bhaincéir atá tú féin nach ea?” Tháinig miongháire beag ar aghaidh Chríostóir agus an abairt dheireanach seo ag teacht as a bhéal. Masla a bhí á thabhairt aige, ó fhuaim an Bhéarla ar a chuir sé béim a ghutha, i ndiaidh do mo dhuine Lorcán anseo bheith ag cur isteach air ar feadh na seachtaine, ach níor thug duine ar bith acu faoi deara é. Sáite sa Ghaeilge a bhí na fir díograiseacha seo i ndiaidh seachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht, agus i bhfad ón Bhéarla a bhí a smaointe féin.
***

Chaith dream an chúrsa cúpla uair sa teach tábhairne, cuid mhaith acu i mbun damhsa agus ag déanamh na craice nuair a thosaigh fear a’ ghiotáir ag seinm a sheitse go háirithe.

Oíche bhreá shamhraidh a bhí inti taobh amuigh, a thug Críostóir faoi deara, nuair a chuaigh sé amach an doras ag taobh an tí le haghaidh toitín. Choinneodh sé súil amach fán bhus chomh maith, a shíl sé, an bus a bheadh ag pilleadh chun an chuid is mó den scaifte a thabhairt ar ais chuig an bhaile fearainn béal dorais ina raibh siad idir lá agus oíche le seachtain anuas. Ach a thúisce is a chuaigh sé amach an doras, chuala Críostóir racán timpeall an chúinne agus bhrostaigh sé chuige.

Mar a tháinig sé go doras tosaigh an tí tábhairne chonaic Críostóir go raibh slua ceathrair nó cúigir i mbun spairne le chéile, le cúpla duine eile ina seasamh siar ag an bhalla. Bhí bean ón chúrsa ag scairteadh aisti sa doras agus chuir sé seo Críostóir ag smaoineamh nach raibh an rud seo ach díreach tosaithe, mar níor chualathas trop nó callán taobh istigh, agus stop fear a’ ghiotáir ag seinm ar a laghad cúig bhomaite ó shin.
Gan smaoineamh air, agus gan amharc ar na fir a bhí ag caitheamh buillí ar a chéile ach ar feadh cúpla soicind, rinne Críostóir, a bhí ina fhear mór i gcomparáid le fear ar bith, rinne sé an rud a ba dhual dó i rith a shaoil; rith sé isteach idir na fir agus chuir sé brú ar achan duine acu go dtí gur ghéill siad agus gur chúlaigh siad go dtí raibh Críostóir leis féin ina sheasamh insan lár, lena raibh thart air anois ag amharc air.

Cosúil le ceann de na cláir sin ar ainmhithe na hAfraice a bhí ann, ach ní raibh guth David Attenborough de dhíth chun cur in iúl duit cérbh é an Taoiseach anseo dá bhfeicfeá é.

D’aithin sé beirt den cheathrar a bhíodh ag troid, agus ar ndóigh, Lorcán a bhí ann faoin fhuil dhorcha sin a bhí fós ag sileadh as barr a chloiginn. Caithfidh gur buaileadh ar an talamh é. Níor aithin Críostóir an bheirt fhear óg eile, ach bhí sé ag déanamh gur de bhunadh na háite a bhí siad.

Labhair Críostóir. D’inis sé d’fhir an chúrsa a bhí ag troid dul ar ais isteach sa teach tábhairne. Lig sé don bheirt fós roimhe bomaite a ghlacadh ag caint eatarthu féin leis an tsúil go socróidís síos beagainín.
Chuir sé ceist ar fhir na háite cad é a ba chúis leis an trioblóid ach ní bhfuair sé ach maslaí damnaithe ar na fir isteach mar fhreagra ar feadh cúpla bomaite.

I ndiaidh don bheirt, agus Críostóir leo, toitín a chaitheamh, fuair sé níos mó den scéal amach. Is dócha go ndúirt Lorcán rud éigin do na fir faoi mhuintir na Gaeltachta nár labhair an Ghaeilge ach nuair a bhí deontais á dtabhairt amach, nuair a chuala sé ag labhairt as Béarla iad. Nó sin an chuma a bhí ar an scéal ón mhéid a chuala Críostóir cibé. Cad chuige nach raibh iontas air. Amadán ceart a bhí in Lorcán gan amhras, bhí fianaise aige anois don bharúil a bhí aige ar feadh seachtaine.

D’aontaigh an bheirt le Críostóir cúrsaí a fhágáil mar a bhí siad, agus d’imigh siad leo nuair a tháinig carr fána gcoinne. Chuaigh Críostóir isteach sa teach tábhairne arís.
Ag iarraidh labhairt le Lorcán a bhí sé chun taobh eile an scéil a chluinstin cé gur shíl sé nach mbeadh mórán muiníne le cur ann, ach suite i gcúinne le triúr bhan thart air a bhí seisean anois, beirt acu ag dabáil éadaí fliucha ar a aghaidh.

D’fhill Críostóir ar a thábla, thóg sé a raibh fágtha dá phionta agus shlog sé siar go gasta é. Tháinig an fear eile a bhí amuigh le Lorcán anonn chuige.
“Tá a fhios agat cad é a tharla mar sin?” a d’fhiafraigh an fear de Chríostóir.
“Tá a fhios agam”, arsa Críostóir, “agus níl iontas orm”.
“Caithfidh go bhfeiceann tú coimhlint achan lá insan seomra ranga, a chara? Nach tréith nádúrtha den chine daonna í?” a d’fhiafraigh an fear agus é ag amharc ar Chríostóir, a bhí caillte ina smaointe ón chuma a bhí ar a aghaidh féin, agus é ag amharc síos tríd an ghloine fholamh ina lámh.
“Tá sin fíor”, a d’fhreagair Críostóir, “tá sin fíor ar an drochuair”.

***

Amach as a leaba a léim Críostóir, ag bualadh barr a chloig chun an aláram a stopadh i ngluaiseacht éasca amháin. Bhí a fhios aige go dtiocfadh maidin Dé Luain go luath, agus ba í seo anois í buailte leis.

Ba mhaith an sos an tseachtáin, ach ar ais chuig an ghnáthrud a bheadh sé anois. Rinne sé réidh é féin, chuir sé air a chulaith reatha liath, chuir sé a éadaí oibre i mála, agus amach an doras leis.

***
Chuaigh Críostóir tríd an gheata, pháirceáil sé a charr thíos ag bun a’ bhalla insan spota ar pháirceáil sé i gcónaí é, agus bhuail smaoineamh é.

Is iomaí uair a bhí cúrsaí teagaisc mar ábhar cainte ag an slua sin ar an chúrsa an tseachtain seo chugainn. Ach oíche amháin ag tús na seachtaine, ar áiteanna páirceála i gcarrchlós na scoile a bhí an comhrá ar feadh cúpla bomaite. Is maith le hachan mhúinteoir a áit féin, a d’aontaigh siad, agus ní maith leo na múinteoirí fós faoi oiliúint ag páirceáil a gcarranna beaga ar a mbíonn na greamáin ghránna sin in cibé áit is mian leo go háirithe.
Ba léir do Chríostóir anois gurb ionann an scéal anseo. Pháirceáil sé insan áit cheannann chéanna sin achan lá ón uair a thosaigh sé. Ní raibh an spás sin pioc níos fearr nó níos measa ná ceann ar bith eile sa chlós ach ba leisean anois é. Agus tuigeadh sin. Tháinig miongháire air.

Isteach sa stáisiún leis agus chuir sé air a éide PSNI. Shiúil sé ó bharr go bun an halla agus chuaigh sé isteach ina sheomra ranga. Bhí an dáréag istigh ann ina seasamh a thúisce is a chonaic siad trí fhuinneog bheag an dorais é sular oscail Críostóir an doras fiú.
“Dia duit a Sháirsint”, a dúirt an dáréag in aon ghuth amháin.
“Dia is muire daoibh féin uilig. Anois, suígí síos.” arsa an Sáirsint Ó Rathaille.
“Cad é mar a bhí an tseachtain sa Ghaeltacht a Sháirsint?”, a d’fhiafraigh an t-oifigeach ar chúl na deisce is gaire don Sáirsint.
“Go maith, go maith, ach ar ais chuig an ghnáthrud anois cibé”, arsa Críostóir.
“An mbeidh muid féin ag dul in éineacht leat ar an chéad uair eile a Sháirsint?” a d’fhiafraigh an t-oifigeach céanna.
“Beidh le feiceáil faoi sin. Anois cá háit a raibh muid in Caisléain Óir?” arsa Críostóir.
“Bhí Séimí thall in Albain ag obair, agus bhí troid ann le hoibrithe an bhaile eile, sílim” arsa bean dhubh ina suí cois fuinneoige.
“Bhí, a Ursula, maith thú. Maith go leor, osclaígí ansin iad agus leanfaidh muid ar aghaidh”, arsa an Sáirsint mar a shuigh sé ar an chathaoir taobh thiar dá dheasc agus chuaigh sé ar thóir a chóipe féin i gceann dá tharraiceán.